Comhairlíodh don Rialtas ag tús an chéid seo gur cheart fáil réidh leis an bhád An Jeanie Johnston agus gan a thuilleadh maoiniú a dhéanamh ar an tionscnamh. Bhí sé i gceist macasamhail den bhád ó aimsir an ghorta a thógáil agus seoladh go Meiriceá agus Ceanada inti. Thabharfadh an bád léargas do phobal na dtíortha sin ar an cheangal a bhí acu le hÉirinn agus leis an drochshaol. Bhí toise uile Éireann ag baint leis an togra fosta agus samhlaíodh go bhfaigheadh daoine óga ó chúlra Aontachtach agus Náisiúnach deis traenála uirthi nuair a bheadh an bád á thógáil. Ach fá thús na bliana 2002 bhí deacrachtaí móra ag an tionscnamh. Bhí an comhlacht a bhí ina bhun dócmhainneach agus bhí cásanna ar siúl san Ard-Chúirt ina éadan. Bhíothas buartha go mbeadh ar an chomhlacht dúnadh síos agus go mbeadh orthu fáil réidh leis an árthach.

Bhunaigh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Frank Fahey, grúpa fócais chun an scéal a fhiosrú agus tá a gcuid conclúidí siúd le léamh in Aide Memoire a d'ullmhaigh an tAire do chruinniú Rialtais ar an ábhar. Tá an cháipéis sin ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta mar thoradh na rialach a chuireann iachall ar an Stát cáipéisí a bhaineann leis an chaidreamh Angla-Éireannach a scaoileadh tar éis fiche bliain.
Dúirt an tAire san Aide Memoire go raibh fadhbanna ag an tionscnamh ón tús. Theip ar an chomhlacht a bhí plé leis cloí lena gcuid spriocamanna agus leis an bhuiséad a bhí leagtha amach dóibh. Bhí an costas measta ardaithe go mór ó €3.8m go €14.4m - ardú ionann is 377%. Bhí an bád in ainm a bheith ag seoladh go Meiriceá i 2001 ach ní raibh sí críochnaithe in am.
Níor chuir an grúpa fócais a bhunaigh an tAire fiacal ann sa tuairisc a thug siad dó. Dúirt siad go raibh easnaimh sa tionscnamh ón tús. Leag siad amach trí rogha don Aire Fahey:
1.Gan aon mhaoiniú breise a thabhairt don tionscnamh agus go ndíolfaí an bád lena gcuid fiacha a ghlanadh.
2. Maoiniú €0.63m a chuir ar fáil don bhád le go mbeadh sí ábalta seoladh go Meiriceá. Ba cheart ina dhiaidh sin í a fhágáil nó a dhíol thall.
3. An bád a chur faoi sheilbh an stáit agus í a úsáid mar bhád traenála.

Ach b'é an tátal a bhí le baint ó chomhairle an ghrúpa fócais ná nach bhféadfaidís aon úsáid fhadtréimhseach a shamhlú don bhád "which will not involve the State in ongoing subvention to the project and financial risk." Bheadh cinneadh le déanamh, dar leo, an bád a dhíol láithreach nó fanacht go seolfadh sí go Meiriceá agus í a dhíol ansin. Bheadh an cinneadh sin ag brath ar dhliteanais agus ar dhíol fiacha. Bhí go leor airgid caillte ag Comhairle Chontae Chiarraí ach go háirithe ar an tionscnamh. Mhol an tAire go ndéanfadh an Chomhairle Contae maoirseacht ar an phróiseas le leachtú toilteanach a dhéanamh ar an chomhlacht a bhí ag plé leis an tionscnamh; agus teacht ar bhealach chun leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh a bheadh sásúil do na páirtithe leasmhara uilig. Mhol sé, áfach, nach ndéanfaí a thuilleadh maoiniú air: "in view of the widespread public disquiet over the financial excesses of this project, and the evidence of serious mismanagement by the Company, the Minister feels strongly that any such approach should include a rigorous examination of the project from its inception and a thorough investigation into the actions of the Company which led to the current financial position of the project."
An 5 Feabhra 2002, ghlac an Rialtas leis an mholadh go gcuirfeadh Comhairle Chontae Chiarraí tús le próiseas leachtaithe toilteanach an chomhlachta.
Sa bhliain 2003 rinne macasamhail an Jeanie Johnston a céad aistear ó Thrá Lí go Ceanada. Is iarsmalann atá inti anois atá lonnaithe ar Ché Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath.