skip to main content

Calafort Caergybi dúnta go ceann míosa eile

Rinneadh damáiste do cheann de na beartanna feisithe i gCalafort Caergybi le linn na stoirme is deireanaí
Rinneadh damáiste do cheann de na beartanna feisithe i gCalafort Caergybi le linn na stoirme is deireanaí

Beidh Calafort Caergybi sa Bhreatain Bheag dúnta go ceann míosa eile agus ní osclóidh sé arís go dtí 15 Eanáir ar a luaithe.

Tá seirbhísí farantóireachta idir Baile Átha Cliath agus Caergybi curtha ar ceal nó go bhfógrófar a mhalairt.

Tá an calafort dúnta ón 7 Nollaig mar gheall ar an damáiste suntasach a rinneadh do cheann de na beartanna feisithe ansin le linn na stoirme an oíche roimhe sin.

I ráiteas, dúirt bainistíocht Chalafort Caergybi gur thuig siad go raibh an scéal tar éis dul i gcion go mór ar chúrsaí trádála, ar phaisinéirí agus ar chustaiméirí.

Tugadh le fios sa ráiteas go ndearnadh an cinneadh an calafort a choimeád dúnta go ceann míosa eile le go mbeadh uain ag daoine socruithe eile a dhéanamh a bhféadfaidís brath orthu.

Dúirt an comhlacht farantóireachta Stena Line go raibh siad ag cur scéala chuig paisnéirí atá thíos leis.

Daoine a bhí le dul ar an mbád idir Baile Átha Cliath agus Caergybi ón 20 Nollaig, is féidir leo a dticéid a aistriú go seirbhísí eile – Baile Átha Cliath-Learpholl, Baile Átha Cliath-Abergwaun agus Béal Feirste-Càrn Rìoghain ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ