skip to main content

Cáipéisí an Stáit: Trí scéal faoi chúrsaí Gaeilge

Ronnie Flanagan, Príomhchonstábla an RUC
Ronnie Flanagan, Príomhchonstábla an RUC

Leithscéalta Príomhchonstábla an RUC maidir le suíomh idirlín i nGaeilge

Chas ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht Idir-Rialtasach le Príomhchonstábla an RUC, Ronnie Flanagan, an 9 Meitheamh, 1998 agus sheol siad faisnéis faoin chruinniú chuig Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Dermot Gallagher, ar 'fhaics sábháilte.'

Labhair siad go príomha leis faoi chúrsaí slándála, faoin Choimisiún Póilíneachta agus faoin seilbh a bhí glactha ag Arm na Breataine agus ag an RUC ar chuid de pháirc imeartha Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin. Cuireadh ceist air fosta faoi leagan Gaeilge de shuíomh idirlín an RUC a chur ar fáil. Moladh a leithéid cheana agus dúirt an Flanagánach go bhfuair sé deis é a phlé leis an iriseoir Gearóid Ó Cairealláin ag cóisir Nollag a bhí ag an Rúnaíocht. D'fhiafraigh sé de Ó Cairealláin an mbeadh an chosúlacht ar nach mbeadh ina leithéid de bheart ach cur i gcéill. "The response was that it might appear to nationalists to be part of a 'charm offensive' on the RUC's part and might not have the desired impact. Flanagan said that his failure so far to act on the proposal has been very largely conditioned by that conversation."

Chuir ionadaithe na hÉireann in iúl dó, áfach, "that broader soundings in the Irish Language Community might yield a more positive response to it." Dúirt Flanagan go mbeadh sé sásta dul ar aghaidh leis an leagan Gaeilge den suíomh dá gcloisfeadh sé a leithéid ó phobal na Gaeilge.

Cailleadh Gearóid Ó Cairealláin an tseachtain seo caite. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

Rúnaí Stáit Oideachais agus Fostaíochta na Ríochta Aontaithe, David Blunkett

Dea-thoradh ar stocaireacht Mhichíl Martin

D'éirigh le hiarrachtaí Rialtas na hÉireann i 1998 a chur ina luí ar údaráis na Breataine aitheantas a thabhairt don Ghaeilge i gcuraclam na Ríochta Aontaithe. Bhí Rialtas na hÉireann ag tabhairt maoiniú do thrí bhunscoil i Londain mar chuid de 'Tionscnamh Gaeilge Southwark' mar a tugadh air. Dúirt an tAire Oideachais ag an am, Micheál Martin, gur léirigh líon na scoláirí a ghlac páirt sa tionscnamh go mbeadh éileamh d'fhoghlaim na teanga ag an dara leibhéal. Bhí tréan stocaireacht ar bun ag an Mháirtíneach go dtabharfadh an Rúnaí Stáit Oideachais agus Fostaíochta, David Blunkett, aitheantas don teanga sa churaclam náisiúnta. Ach mheas Blunkett nach mbeadh sé ábalta a leithéid a dhéanamh mar go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an Tiarna William Stubbs ar an churaclam trí chéile agus nach bhféadfadh sé a ladhar a chur sa scéal go dtí go mbeadh sé sin críochnaithe. "However, I would like to assure you once again that I am fully aware of the political importance of the Irish language question on both sides of the border, and that I shall continue to use my best efforts to find and implement a mutually satisfactory solution," a scríobh Blunkett chuig an Aire Martin n 20 Iúil, 1998.

Ach leanadh leis an stocaireacht agus d'inis an Máirtíneach do Blunkett gur cheart dó eisceacht a dhéanamh don Ghaeilge ó thaobh na polaitíochta de.

"I say political case, not only as one practitioner to another, but because I am convinced that formal recognition by you of the Irish language on the National Curriculum would be another important and symbolic development in British-Irish relations. Its positive impact in terms of Britain's image in Ireland and on the Irish community in Britain would be significant and I believe such a step would also be acknowledged as further confirmation of a new era in the friendship between our two countries."

Ar deireadh tugadh teachtaireacht rúnda do Dermot Gallagher an 27 Deireadh Fómhair, 1998 go mbeadh David Blunkett ag fógairt go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de Churaclam Náisiúnta na Breataine don bhliain 1999/2000.

Frongoch na Breataine Bige

File Gaeilge ag lorg cúitimh

Scríobh an file Gaeilge Liam S. Gógan chuig an Ard-Aighne i 1968 ag lorg cúiteamh ón stát mar gur briseadh as a phost é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916. Rugadh an Góganach i mBaile Átha Cliath agus d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ó Shinéad Ní Fhlanagáin, bean chéile Éamon de Valera. Toghadh é ar choiste sealadach na nÓglach i 1913 agus fuair sé post ina Leas-Choimeádaí i Roinn na Sean-Seod den Ard-Mhúsaem i 1914. Gabhadh é tar éis an Éirí Amach agus cuireadh i ngéibheann é i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag.

Sa litir a scríobh sé chuig an Ard-Aighne i 1968, dúirt Gógan gur thug Ceannfort an champa géibhinn cáipéis dó i nDeireadh Fómhair na bliana 1916 inar dúradh go raibh sé briste as a phost sa Mhúsaem. Fuair sé a phost ar ais i 1921 agus d'iarr Eoin Mac Néill air liosta a chur le chéile do dhaoine eile a chaill a gcuid poist ar an dóigh chéanna. "Like many others I was reinstated 'in the position I would normally have reached had I not been dismissed,' though in fact these conditions were not adhered to, as in fact happened to others similarly displaced," a scríobh sé. Mhaígh Gógan gur gheall Michael Collins dó i bprionsabal "to a condition of compensation normal in such circumstances elsewhere for the amount of salary lost through hostile political action." Ó tharla anois go raibh an Stát measartha seasmhach agus aibí, mhaígh an Góganach gur cheart dó cúiteamh a fháil as ar tharla.

Ní bhfuair sé aon sásamh ón Ard-Aighne, áfach. "The Attorney General is merely the adviser of the Government," a meabhraíodh dó. Gheall sé go gcuirfeadh sé an t-éileamh faoi bhráid an Taoisigh, Jack Lynch, rud a rinne sé. Ach léiríonn nóta lámhscríofa ón Ard-Rúnaí i Roinn an Taoisigh nach raibh aon sásamh i ndán don Ghóganach. "I propose no action," a dúradh. Cailleadh an file i 1979.