skip to main content

Trí Scéal Gaeltachta ó cháipéisí an stáit

Siar Fiche Bliain, Nuacht RTÉ/TG4
Siar Fiche Bliain, Nuacht RTÉ/TG4

Dónal Ó Móráin, Ceannasaí Gael Linn

Conspóid faoi scéim tithíochta i gCorca Dhuibhne

Bhí scéim saoire i gceartlár Ghaeltacht Chiarraí ina ábhar spairne ag tús na seascaidí ach is léir ó chomhaid an Stáit nach raibh Gaeilgeoirí na hArdcathrach agus muintir na háite ar aon intinn faoi. Bhí sé i gceist ag an chomhlacht Hill Estates Teoranta campa samhraidh a bhunú i gCorca Dhuibhne. Scríobh na heagraíochtaí Gaeilge Gael Linn, Conradh na Gaeilge agus Díograis chuig an Taoiseach Seán Lemass faoi. Chuir sé olc orthu gur le cuidiú Bhord Fáilte a bhí an scéim á cur chun cinn, rud a mheas siad a bhí ag teacht salach ar aidhmeanna an Rialtais i leith chaomhnú na Gaeilge. "Measaimidne go ndéanfadh an scéim seo an-dochar do sheasamh na Gaeilge sa cheantar agus tá an tuairim chéanna curtha go láidir os ár gcomhair ag daoine suntasacha sa cheantar ag a bhfuil seasamh ar leith i measc phobal na háite," a scríobh Ceannasaí Ghael Linn, Dónal Ó Móráin chuig Príomh-Stiúrthóir Bhord Fáilte, an Dr T.S. Ó Drisceoil.

Bhí sé i gceist an scéim a lonnú in aice le Caisleán an Fheirtéaraigh, dún cosanta an fhile Piaras Feiritéar a chroch saighdiúirí Chromaill sa bhliain 1653. Mar sin de, bhí teachtaireacht dhuairc ag Micheál Mac Cárthaigh Uachtarán Chonradh na Gaeilge don Taoiseach faoin mhéid a tharlódh dá leanfaí le scéim 'Ferriter's Cove': "Muna féidir iad a stopadh, lonnóidh sliocht Chromwell san áit anois agus beidh deireadh leis an nGaeltacht. Beidh gabháltas cultúir na nGall i gcrích go hiomlán ar deireadh thiar," a scríobh sé ar an 16 Nollaig, 1963.

D'fhiosraigh an tAire Iompair agus Cumhachta, Erskine Childers, an scéal agus chuir sé a chuid tuairimí in iúl don Taoiseach in Eanáir, 1964. Bhí leithinis Chorca Dhuibhne, aitheanta ag Bord Fáilte mar cheantar a bhféadfaí a fhorbairt mar láthair turasóireachta. Páirc carbhán den ghrád b'airde a bhí beartaithe ag Hill Estates agus dúradh go raibh Caoimhín Ó Cinnéide, Rúnaí Chumann Forbartha Iarthar Chiarraí den tuairim go raibh pobal Bhaile an Fheirtéaraigh go mór i bhfábhar an bheartais: "he is of the opinion that, far from endangering the Gaelic character of the area, the development should help preserve and sustain it by providing useful employment. Bord Fáilte subscribe to this view."

Mheabhraigh an tAire Childers don Taoiseach go raibh sé beartaithe ag an Stát scéim a bhunú chun tionscal na turasóireachta a fhorbairt in iarthar na tíre chun go mbeadh níos lú béime ar fheirmeacha beaga mar phríomhfhoinse fostaíochta. "The launching of any such scheme on a comprehensive scale will inevitably entail the encouragement of holiday accommodation and other development in Gaeltacht areas and visits by non-Irish speaking holidaymakers to such areas."

Rith an eagraíocht Díograis rún in éadan an ionaid saoire agus cuireadh an Taoiseach ar an eolas faoi. "Ní mian linn go mbainfí pingin de cheantar Gaeltachta ar bith ach ar mhaith le leas na Náisiún i gcoitinne," a scríobh Rúnaí na heagraíochta, Séamus Ó Tuathail, chuig an Taoiseach Seán Lemass an 17 Feabhra, 1964.

Níor osclaíodh an pháirc carbhán riamh ach tamall de bhlianta ina dhiaidh sin cheannaigh Gaeltarra Éireann na tailte a bhí i gceist agus tógadh an t-óstán cáiliúil Dún na nÓir ann.

Aerstráice Inis Meáin

Deochanna Meisciúla ar Aer Stráice Inis Meáin

Lorg Ceannfort de chuid an Gharda Síochána comhairle ón Ard Aighne faoi dheochanna meisciúla a bheith ar díol gar don aerstráice in Inis Meáin. Bronnadh ceadúnas dí ar Dhónal Ó Sé ó Inis Meáin Teo ag tús na bliana 1994 faoin Acht Deocha Meisciúla 1943. Ach bronnadh an ceadúnas ar an bhonn go mbeadh turas 50 míle déanta ag an té a bhí ag iarraidh í a cheannach. Cúig mhíle déag a bhí idir an t-oileán agus Aerfort na Minna i gConamara. Bhí an chosúlacht ar an scéal mar sin, dar leis an Cheannfort O'Connor as Gaillimh, go raibh díol deochanna meisciúla ar an aerstráice mídhleathach agus d'fhiafraigh sé den Ard-Aighne ar cheart athbhreithniú breithiúnach a lorg le stop a chur leis.

Dheimhnigh an Príomh-Aturnae Stáit, Michael A Buckley, go raibh sé mí-dhleathach na deochanna a dhíol le daoine a d'eitil as Indreabhán. "It does not mean that the licence is unlawful and would not be grounds for Judicial Review," a scríobh sé. "I accept that the fact that the only flight to the island at present from Inverin does cause difficulty for the Gardaí in enforcing the liquor licensing laws. However, the remedy to this situation is to object to the renewal of the licence or to seek to amend the law."

Arramara agus athrú úinéara

Monarcha na fearmainne i gCill Chiaráin

Léiríonn cáipéisí an stáit ó 30 bliain ó shin go raibh Roinn na Mara buartha faoi na himpleachtaí a bhain le díol an chomhlachta a raibh scaireanna acu sa chomhlacht feamainne Arramara. Bhí go leor daoine fostaithe i monarchan Arramara i nGaeltachtaí Chonamara agus Dhún na nGall. Ba le Aire na Mara 51% de na scaireanna sa chomhlacht ach ba le comhlacht as an Bhreatain Kelco International (fochuideachta de chuid Merck) an 49% eile. Ghlac Merck cinneadh i 1994 go ndíolfaidís Kelco mar chuid de phróiseas ciorruithe. Scríobh Roinn na Mara chuig an Ard-Aighne ag fiafraí dó an mbeadh aon impleachtaí ag díol na fochuideachta don Stát. Fiafraíodh fosta an bhféadfadh an tAire srianta a chur i bhfeidhm maidir le haistriú na scaireanna. B’é an chomhairle a fuarthas ón Ard-Aighne ná nach raibh aon ghá beannacht na Roinne a fháil i dtaca leis an phróiseas díolacháin. Cé go raibh úinéireacht Kelco le hathrú, d'fhanfadh na scaireanna i seilbh an chomhlachta, a dúirt James Hamilton ó Oifig an Ard-Aighne.