Dar leis an ngníomhaireacht nuachta AFP, tá sé tugtha le fios ag seirbhísí slándála na hÚcráine gurb iad a bhí freagrach as oifigeach sinsearach in Arm na Rúise a mharú i Moscó inné.
Maraíodh an Leifteanant-Ghinearál Igor Kirillov agus a chúntóir nuair a phléasc buama a bhí feistithe ar scútar leictreach taobh amuigh de bhloc árasán in oirdheisceart Mhoscó ar maidin inné.
Tuairiscítear go raibh an Leifteanant-Ghinearál Kirillov i gceannas ar Fhórsaí Cosanta Núicléacha, Bitheolaíocha agus Ceimiceacha na Rúise.
Dhá mhí ó shin, chuir Rialtas na Breataine smachtbhannaí air féin agus ar a chuid fórsaí as an gceimiceán tachta clóraipicrin a scaoileadh le saighdiúirí na hÚcráine.
Maíonn na Rúisigh, áfach, nach n-úsáideann siad airm cheimiceacha ar an láthair chatha.
Níl aon ráiteas oifigiúil déanta fós faoin scéal ag Rialtas na hÚcráine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ