skip to main content

Scoilt sa Rialtas maidir le géarchéim fostaíochta i nGaillimh

Foireann Digital i nGaillimh
Foireann Digital i nGaillimh

Léiríonn cáipéisí stáit ó 30 bliain ó shin go raibh an Rialtas scoilte faoin dóigh is fearr le dul i ngleic leis an ghéarchéim fostaíochta i nGaillimh tar éis don ollchomhlacht idirnáisiúnta Digital cinneadh a dhéanamh a ghnó a bhogadh go hAlbain.

Buille mór do chathair na Gaillimhe ab ea cinneadh Digital a mhonarcha i mBaile an Bhriotaigh a dhruid in 1993. Bhí Digital ar an táirgeoir ba mhó ar domhan de chórais ríomhaireachta ag an am. Cailleadh 780 jab agus bhí an anachain á thuar don chathair. Chomh maith le sin, druideadh a n-ionad bogearraí i Muirbheach, Gaillimh agus a n-ionad gréasáin agus cumarsáid i gCluain Meala.

I mbealtaine na bliana 1993, chuir an tAire Leasa Shóisialaigh, Michael Woods, cúpla togra fostaíochta faoi bhráid an Chomh-Aireachta chun dul i ngleic leis an fhadhb. Bhí sé molta aige go mbunófaí Ionad Feabhais Digiteach Eorpach i nGaillimh. Chuirfeadh an tIonad bogearraí córais ar fáil do thionscail leighis agus slándála sóisialta ar fud na hEorpa. Togra Uile-Éireann a bheadh ann i gcomhar le Digital agus leis an Roinn Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta sa tuaisceart. Bheadh 25 duine fostaithe san Ionad i dtús ama ach bhí an tAire dóchasach go mbeadh os cionn céad duine fostaithe ann in imeacht ama. Sa bhreis air sin, bhunófaí comhlacht Seirbhísí Bainistíochta Ríomhairí don earnáil phoiblí agus bhí an tAire sásta cuid d'obair na Roinne Leasa Shóisialaigh a bhronnadh orthu. "This committment would help ensure the retention of some key skilled personel in Galway," a dúradh sa mheamram don rialtas.

Ach bhí an tAire Airgeadais, Bertie Ahern, go mór in éadan an togra. Dúirt sé nach raibh na moltaí inghlactha agus mhol sé dá chuid comhghleacaithe rialtais diúltú scun scan daofa. "The Department of Social Welfare is not the state rescue agency or a vehicle for grant aiding industry and should not seek to become such," a dúradh ina aighneacht chuig an rialtas. Dúradh fosta go raibh polasaí an rialtais i leith soláthair seirbhísí bunaithe ar iomaíocht agus ar thairiscintí agus bheadh an tAire Airgeadais glan i gcoinne aon iarracht conarthaí stáit a bhronnadh ar chomhlacht ar leith. "Such arrangements are never in the taxpayer's interest," a dúirt sé. D'fhéadfaí fosta go gcuirfí i leith an rialtais go raibh stádas fabhrach bronnta ar Digital i gcomórtais le haghaidh soláthar seirbhísí.

Bhí an tAire Ahern buartha fosta go mbeadh fadhbanna acu leis na ceardchumainn dá ndéanfaí iarracht seirbhísí teicneolaíochta faisnéise an chóras sláinte agus leasa shóisialta a bhronnadh ar chomhlacht ar leith. Bhí amhras air faoin Ionad Feabhais chomh maith: "Insofar as the viability of such an enterprise must rely for its success or failure on Government business the Minister for Finance is extremely sceptical of its true long-term viability...This is nothing more than a hidden subsidy for Digital and as such is entirely objectionable."

Níor ghlac an rialtais le moladh an Aire Woods nuair a chas siad le chéile ar an 3 Bealtaine, 1993. Ach seachtain ina dhiaidh sin, chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh Aide Mémoire os comhair an Rialtais inar leagadh amach cur chuige aontaithe ó na hairí Ahern, Woods agus ón Aire Fiontair agus Fostaíochta, Ruairí Quinn.

D'aontaigh na hairí go bhféadfadh an Roinn Leasa Shóisialaigh a chur in iúl do Digital ar bhonn ginearálta go mbeidís sásta comhoibriú leo dá mbunófaí an tIonad Feabhais in Éirinn.

Leagfaí sonraí an chomhoibriú seo amach i meamram tuisceana agus chuirfí é seo faoi bhráid an Aire Airgeadais. Níor cheart go mbeadh aon ní sa mheamram seo a chuirfeadh bac ar roghanna infheistíochta na Roinne Leasa Shóisialaigh san am atá le teacht. Cé go mbeadh an rialtas i bhfábhar Ionad Seirbhísí Bainistíochta a lonnú i nGaillimh, ba cheart go mbeadh an t-ionad seo bunaithe ar phlean gnó a bheadh réalaíoch agus inmharthanach. Moladh go gcuirfí a leithéid de phlean faoi bhráid na Roinne Leasa Shóisialaigh a luaithe agus is féidir. Glacadh leis, áfach, go mbeadh deacrachtaí ag baint le conarthaí síl a thabhairt d'aon chomhlacht amháin.

Ar an 11 Bealtaine, 1993 ghlac an rialtas leis na moltaí nua agus tugadh cead don Aire Leasa Shóisialaigh na tograí a bhí molta aige san Aide Mémoire a bhrú chun cinn.