Léiríonn comhaid an stáit ó scór blianta ó shin nach raibh fonn ar bith ar Chonsalacht na hÉireann i Meiriceá ionadaíocht a dhéanamh ar an té a bhí i gceannas ar Ghníomhaireacht na hUltaise nuair a beireadh air agus é ag iarraidh cailín 14 bliain d'aois a mhealladh chun gnéis fad is a bhí sé ag déanamh ionadaíocht ar son na heagraíochta le linn ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i Meiriceá.
Ar an 2 Márta, 2002, gabhadh Stan Mallon, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Ghníomhaireacht na hUltaise (nó Tha Boord o Ulstèr-Scotch) i seomra óstáin gar do Chicago de bharr gaiste a leag na póilíní roimhe. Bhí sé 61 bliain d'aois ag an am. Cuireadh ina leith go raibh sé ar intinn aige gnéas a bheith aige le cailín faoi aois. Thug Mallon 'Big Daddy Mel' air féin sa chomhfhreagras a bhí aige le Marny ar an suíomh 'Daddy and Daughter Sex.' Bhí sé i dteagmháil léi go minic sa mhí roimhe sin óna theach i mBéal Feirste. Mhaígh Mallon go raibh sé 47 bliain d'aois agus rinne sé socrú casadh léi chun go mbeadh caidreamh gnéis acu. D'eitil sé ó Bhéal Feirste go hAerfort O'Hare agus chuir sé seomra in áirithe in óstán a bhí gar don aerfort. Bhí bronntanas don chailín - seodra agus milseáin - ina sheilbh aige nuair a rugadh air chomh maith le cáipéisí de chuid na gníomhaireachta, coiscíní agus físcheamara. Bhí sé i gceist aige freastal ar ócáid oifigiúil in Washington a bhí eagraithe ag an ghníomhaireacht go luath ina dhiaidh sin.

Is léir ó chomhaid an stáit gur thug Consalacht na Ríochta Aontaithe rabhadh d'údaráis na hÉireann faoin scéal sular tháinig sé chun cinn sna meáin chumarsáide. Thug siad le fios go raibh rún ag an BBC clár faisnéise de chuid Spotlight a dhéanamh faoin scéal. Bhí an Chonsalacht buartha go ndéanfaí damáiste as cuimse don Ghníomhaireacht mar thoradh ar an chonspóid. Caitliceach ab ea Mallon agus bhí Consalacht na Breataine buartha go ndéarfaí gur eagraíocht Aontachtach de chuid na heite deise a bhí sa ghníomhaireacht agus gur buaileadh bob calaoiseach ar an Phríomhfheidhmeannach mar go raibh siad mí-shásta go raibh Caitliceach i gceannas na heagraíochta: "This idea while fanciful does give the story line more frisson and may appeal to a NI audience. It may be that Stan, in a desperate attempt to appear to be framed, has come up with this line. We simply don't know but it's not the first time that accusations have been made about the people associated with the Agency," a scríobh feidhmeannach de chuid Chonsalacht na Breataine.
Chuir sé seo tús le cur is cúiteamh taidhleoireachta faoi cé acu consalacht a dhéanfadh ionadaíocht ar Mallon. Cé gur pas na Breataine a bhí aige ar an turas tras-atlantach, bhí sé ag iarraidh go nglacfadh Consalacht na hÉireann gníomh ar a shon. Bhí Consal na hÉireann, Eamonn Hickey, ar saoire san Eilbhéis ag an am ach bhí sé glan in éadan aon chúnamh a thabhairt dó. Dúirt sé go gcuirfeadh a leithéid olc ar an phobal Éireannach sa chathair. Mheas sé fosta go raibh Mallon ag teacht i dtír ar an stát sa mhéid is gur mheas sé go gcuideodh sé go mór lena chás dá mbeadh sé le feiceáil go raibh Rialtas na hÉireann ag tacú leis.
Ceist chasta a bhí ann dar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Cé nach raibh Mallon fostaithe riamh ag Rialtas na hÉireann, bhí sé i gceannas ar fhoras trasteorainn a fuair maoiniú ón státchiste. Dúradh leis an Chonsalacht, áfach, gur ról táinisteach tacaíochta a bheadh acu agus gur cheart go dtitfeadh sé ar Chonsalacht na Breataine aire a thabhairt dó. "Anglo-Irish division did not feel that we could altogether walk away from a certain 'co-ownership' in relation to his case."
Thug Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha an treoir seo a leanas don chonsal: "I frankly do not see how the extension of consular assistance by us or indeed any authority could be interpreted as helpful to Mr Mallon's legal defence." Maidir le dearcadh an phobail Éireannaigh i Chicago i leith an cháis dúirt Brendan Scannell "the Department's response to requests for consular assistance on cases involving allegations of crime is not and cannot be predicated on judgements of public perception." Shárófaí forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta mura dtabharfaí aire do Mallon agus tugadh treoir d'Éamonn Hickey cuidiú na consalachta a thabhairt dó ar bhonn práinne.
Chaith Mallon seachtain i mbraighdeanas aonair go dtí gur cuireadh i gcillín é le príosúnach eile as Éirinn. Bogadh é go luath ina dhiaidh sin, áfach, mar gur mhaígh sé go raibh sé buartha faoina shábháilteacht.
Gearradh téarma príosúin 21 mí ar Mallon ach méadaíodh an téarma go 41 mí nuair a rinne an tIonchúisitheoir Dúiche achomharc de bharr boige an phionóis.
Tharraing an eachtra seo go leor míchlú ar an Ghníomhaireacht Ultaise go háirithe nuair a ghabh an PSNI seilbh ar ríomhairí na heagraíochta. I gcáipéis rúnda a chuir Tim O'Connor, Comhrúnaí na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, le chéile faoin chás dúradh go raibh imní ar Rialtas na hÉireann go bhféadfadh go mbeadh plé ag Mallon le daoine óga fad is a bhí sé fostaithe ag Gníomhaireacht na hUltaise.
- Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 ag 6.15pm ar an 27 Nollaig