skip to main content

Aighneas faoi chearta lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart

Mo Mowlam, Stát Rúnaí an Tuaiscirt, 1998
Mo Mowlam, Stát Rúnaí an Tuaiscirt, 1998

Bhí meamram sceite faoin Ghaeilge sa Tuaisceart ina ábhar mór aighnis idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann in 1998. Cé gur ullmhaíodh an meamram rialtais sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí náisiúnaithe buartha gur léirigh sé doicheall Oifig Thuaisceart Éireann i leith na teanga agus go mbeadh sé iontach doiligh forálacha an Chomhaontaithe faoin Ghaeilge a chur i bhfeidhm dá réir.

Ó lár na nóchaidí i leith, bhí Rialtas na hÉireann, an SDLP agus eagraíochtaí na Gaeilge ag tathaint ar Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shíniú. Daingníodh an Chairt sa bhliain 1992 agus bhí Rialtas na hÉireann ag iarraidh go síneodh an Ríocht Aontaithe í agus go n-áireofaí an Ghaeilge mar cheann de na teangacha a bheadh cosanta inti. Ba sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh an státsheirbhíseach sinsearach, Tony Canavan, ón Láraonad um Chaidreamh Idirphobail (CCRU), an meamram ar a tugadh 'The European Charter for Regional or Minority Languages and other Irish Language Issues.’

Dúradh sa mheamram nach raibh mórán éilimh ar an Chairt agus gurb iad na heagrais Ghaeilge agus páirtithe polaitíochta áirithe a bhí á bhrú. Dúradh fosta go raibh géarghá go ndéanfaí ‘dípholaitiú’ ar an Ghaeilge sa Tuaisceart. Dúradh chomh maith go raibh go leor antoiscigh teanga ag plé le gluaiseacht na Gaeilge: ‘The Minister has been exposed to several meetings with the abrasive end of the Irish language spectrum and there might be benefit for him in establishing direct contact with the more moderate side of the movement.’ Chuige sin moladh go ndíreofaí ar bhaicle bheag daoine ar nós Aodán Mac Póilín ó Iontaobhas Ultach, Chris McGimpsey ó Pháirtí Aontachtach Uladh (an UUP) agus an file Gerard Dawe chun go ndéanfaí dípholaitiú ar an teanga.

Bhí Rialtas na hÉireann ar buile faoin mheamram sceite. Chuir siad a míshástacht in iúl ag cruinniú den Rúnaíocht Angla-Éireannach. Chuir Máirtín Ó Fainnín ón Roinn Gnóthaí Eachtracha cáipéis fíorcháinteach faoi Chanavan faoi bhráid Dermot Gallagher, Leas-Ard-Rúnaí na Roinne. "It is necessary to get the point across that it is not appropriate for organisations/ individuals that are hostile to the promotion of the language to have responsibility for it in the new environment," a scríobh Ó Fainnín.

Chuir eagrais Ghaeilge mar aon leis an SDLP agus Sinn Féin a míshástacht in iúl do Rialtas na hÉireann faoi thon dímheasúil an mheamraim. Léiríonn cáipéisí an stáit go raibh an dá pháirtí buartha go ndéanfadh státsheirbhísigh an Tuaiscirt iarracht an méid a baineadh amach don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta a chur ó mhaith: "The approach adopted in the memo is a minimalist one and appears to be defensive and grudging. This is unacceptable from an organisation (the CCRU) which will be charged with implementing the commitment in the Agreement to ‘take resolute action to promote the language’."

Patsy McGlone, an SDLP

Cháin ionadaithe poiblí an méid a bhí sa mheamram sceite. Dúirt Patsy McGlone ón SDLP gur léirigh sé an dearcadh diúltach, doicheallach a bhí ag Oifig Thuaisceart Éireann (NIO) i leith na teanga. Scríobh sé chuig Príomhaire na Breataine ag impí air a chinntiú go leanfaí leis na beartais a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Tuaisceart. Ní raibh aon ghlacadh ag Aodán Mac Póilín leis an mhéid a dúradh faoi sa mheamram ach an oiread. In agallamh nuachtáin faoin mheamram sceite dúirt sé gur antoisceach ab ea é i dtaca le hathbheochan na Gaeilge, cé go raibh sé glan in éadan cúrsaí foréigin

Léiríonn cáipéisí rúnda an stáit atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta, gur chosain an státsheirbhíseach a scríobh an meamram an mhéid a bhí ann le linn cruinniú idir feidhmeannaigh ó Rannóg Thuaisceart Éireann den Roinn Gnóthaí Eachtracha agus státsheirbhísigh an Tuaiscirt. Léirítear i miontuairiscí an chruinnithe, a seoladh chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar ‘fhacs cosanta’, go raibh cuid mhór teannais idir an dá thaobh faoin mheamram.

Dúirt David Donoghue ó Rannóg Thuaisceart Éireann den Roinn Gnóthaí Eachtracha gur chothaigh sceitheadh na cáipéise go leor deacrachtaí do phobal na Gaeilge agus go raibh an baol ann go mbainfeadh sé an bonn ar fad ón dea-mhéin a bhí ag an phobal sin do Chomhaontú Aoine an Chéasta. "Much unhappiness had been expressed at the approach taken in the paper," a dúirt David Donoghue. D’fhéadfaí an scéal a chur ina cheart, dar leis, dá bhfoilseodh Státrúnaí an Tuaiscirt, Mo Mowlam, ráiteas polasaí ar an Ghaeilge ‘reassuring people about any misconceptions they may have arising out of the leaked document.’

Nelson McCausland

Ach chosain údar an mheamraim, J A Canavan, an méid a bhí sa mheamram. Scríobhadh é in 1997, bliain sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, a dúirt sé agus ba chuig an pholaiteoir Aontachtach, Nelson McCausland, a sceitheadh an cháipéis i dtús ama. Mhaígh McCausland gur léirigh an meamram go raibh an CCRU iontach claonta in éadan na hUltaise. Seoladh an meamram chuig foilseacháin éagsúla ar fhacs ina dhiaidh sin agus nuair a fuair an Andersonstown News greim air mhaígh siad a mhalairt ghlan ón mhéid a bhí ráite ag McCausland, is é sin gur cáipéis fhrith-Ghaeilge a bhí ann. Dúirt Canavan gur ullmhaigh sé an meamram don Aire sóisir Tony Worthington tar éis d’Oifig na Breataine Bige a chur in iúl go raibh siad leis an Chairt a shíniú. Chosain Canavan abairt amháin sa mheamram a bhí ina chnámh spairne mhór idir na státsheirbhísigh: "The statement in it that ‘what these worthy sentiments might mean in practice is a matter of interpretation’ had been presumed to have an ironic intention, but in fact he had meant ‘worthy sentiments’ in a serious sense. He recognised that this aspect of the document had caused difficulties for the Irish language movement."

Bhí fadhbanna go leor le sárú maidir le síniú na cairte fosta. Thug Rialtas na Breataine le fios ar chúl téarmaí go síneoidís an Chairt chun cosaint a thabhairt don Bhreatnais, don Ghaeilge agus do Ghàidhlig na hAlban. Thug siad le fios, áfach, go mbeadh moill orthu cuid a trí den Chairt a chur i bhfeidhm i dtaca leis an Ghaeilge. Tá breis is ceithre scór foráil i gcuid a trí den Chairt a chuimsíonn cúrsaí oideachais, seirbhísí poiblí, na húdaráis dlí is cirt, cúrsaí eacnamaíochta, na meáin chumarsáide, cúrsaí cultúir agus sóisialta srl. Bheadh ar theanga 35 cinn de na forálacha sin a shásamh chun aitheantas a fhál faoin Chairt. Dúirt an CCRU, áfach, nach mbeadh Tuaisceart Éireann ábalta ach 18 acu a shásamh. Bhí Rialtas na hÉireann buartha nach raibh achar ama ceart leagtha síos chun an 17 foráil eile a chur i gcrích: "when implemented there would be a viable and cohesive language policy giving Irish a de facto official status within NI." Bhí Tony Canavan iontach doiléir faoin amscála a bheadh i gceist. Dúirt sé nach mbainfí an sprioc amach roimh dheireadh na bliana 1999, rud a chuir olc ar stáitsheirbhísigh na hÉireann.

Dúirt Máirtín Ó Fainnín, ón Rannóg Angla-Éireannach, go gcuirfeadh an mhoill seo an-díomá ar an phobal ó tharla go mbeadh an Bhreatnais agus Gàidhlig na hAlban ag fáil an t-aitheantas seo níos túisce ná an Ghaeilge. ‘In this case no action, although disappointing, would be far better than the wrong action," a scríobh an tUas Ó Fainnín i gcáipéis rúnda. Mheas sé féin agus Wally Kirwan go mbeadh beartas de dhíth chun pobal na Gaeilge, a bhí go mór in amhras faoi chuspóirí na Breataine ar an cheist seo, a chur ar a suaimhneas. Mhol siad go n-eiseodh Aire Rialtais de chuid na Breataine ráiteas a leagfadh amach na céimeanna a ghlacfaí chun critéir na Cairte a shásamh. Dúirt Canavan go raibh sé sásta an moladh sin a scrúdú.

Ar an 4 Meitheamh 1998, d’fhógair Rialtas na Breataine go mbeidís ag síniú na cairte. I ráiteas a d’eisigh Státrúnaí an Tuaiscirt, Mo Mowlam, dúradh go mbeadh cosaint ag an Ghaeilge a bheadh ag teacht le fórálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Dúirt sí go raibh sé ar intinn acu fosta beartais a chur i gcrích don Ghaeilge a shásódh cuid a trí den Chairt, rud a chiallódh go mbeadh breis cosanta aici. Bhunófaí aonad mionteangacha sa CCRU chun go n-aithneofaí na beartais chuí a bheadh ag teastáil le cuid a trí den chairt a shásamh. D’fhógair Mo Mowlam fosta go raibh Coimisiún le bunú aici chun a fhiosrú ar canúint nó teanga ar leith an Ultais agus cén chosaint a cheart a thabhairt di. Shínigh an Ríocht Aontaithe an Chairt ar an 2 Márta 2000.