Bhí bailíocht cheapachán Sheosaimh Mhic Dhonncha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ina ábhar imní ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha scór blianta ó shin. Léiríonn comhaid an stáit an teannas a bhí idir an foras trasteorainn a bhí ag plé le hUltais agus an Roinn sna blianta beaga tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhagair Cathaoirleach na Gníomhaireachta an dlí ar an Stát ar chúpla ócáid agus cheistigh sé bailíocht cheapachán Sheosaimh Mhic Dhonncha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge.

Léiríonn comhaid an stáit go raibh go leor frustrachas ar Roinn na Gaeltachta sa phlé a bhí acu leis an Ghníomhaireacht agus gur braitheadh ar chúl téarmaí go raibh cur chuige rópholaitiúil ag Cathaoirleach na heagraíochta, John Laird, Tiarna Ard Tí Garbháin. Thapaigh an Tiarna Laird gach deis chun Rialtas na hÉireann a cháineadh, dar leo, agus bhagair sé an dlí a chur orthu ar chúpla ócáid. Bhí fíor drochchaidreamh ag Laird le comhairleoir speisialta an Taoisigh, Martin Mansergh. Rinne seisean beag is fiú do bhagairt dlí amháin i dtaca le maoiniú an stáit don ghníomhaireacht: "Not only is there no necessity on your part to initiate legal action. There is actually no basis for it," a scríobh Mansergh chuige.
Bhagair Laird an dlí fosta nuair a bhí Príomhfheidhmeannach ar Ghníomhaireacht na hUltaise le ceapadh. Bhí Gaeilge líofa de dhíth sa chomórtas do cheannasaíocht Fhoras na Gaeilge - an cuid eile den Fhoras Teanga - agus measadh mar sin gur cheart go mbeadh tuiscint ar léamh agus scríobh na hUltaise mar bhunriachtanas don té a bheadh i gceannas ar Ghníomhaireacht na hUltaise. Bhí Laird go hiomlán in éadan an choinníll seo agus fuair sé comhairle dlí ina leith. Ghéill Roinn na Gaeltachta dó i ndeireadh ama.
Anuas ar sin, cheistigh an Tiarna Laird bailíocht cheapachán Seosamh Mac Donncha mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Bhí dhá bhrainse san Fhoras Teanga - Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise - ach bhí siad ag feidhmiú a bheag nó a mhór go neamhspleách ar a chéile. Mhaígh Laird gur bhris Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Maighréad Bean Uí Mháirtín, an dlí nuair a ceapadh Mac Donncha ina Phríomhfheidhmeannach ar an Fhoras sa bhliain 2002 mar nach ndeachaigh sí i gcomhairle leisean. Bhí an bheirt acu ina gcomhchathaoirligh ar an Fhoras Teanga. Ba é an Foras Teanga seachas Foras na Gaeilge a bhí i mbun ceapacháin dá leithéid agus mheas Laird nach raibh aon údarás ag Maighréad Uí Mháirtín Seosamh Mac Donncha a cheapadh.

Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Cultúir ó thuaidh sách buartha faoi seo agus lorg siad comhairle dlí ar an cheist. Ba léir ón chomhairle seo gur measadh go raibh bunús áirithe le gearán Laird. Dúirt Caitlín Ní Fhlaitheartaigh ó Oifig an Ard-Aighne gur aontaigh sí le comhairle dlí Oifig Thuaisceart Éireann: "in favour of the legality the two separate agencies appointing their CEOs on behalf of the body. An argument could be made that the two chairmen should jointly sign letters of appointment for approval of the NSMC (An Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas nó CATT) and the matter is not without doubt. However, all actions of each agency are to be deemed actions of the body....It is difficult to see what practical input the signature of the second chairperson or the involvement of second board of the agency could have in regard to a matter so specially attached to the functions of the other agency's board." D'fhéadfadh an CATT rialú gur cheart go mbeadh beannacht na gcomhchathaoirleach de dhíth chun Príomhfheidhmeannach a cheapadh, a dúirt Oifig an Ard-Aighne, ach bheadh go leor fadhbanna praiticiúla ag baint le socrú dá leithéid.
I ndeireadh ama, ceansaíodh Laird nuair a bhuaigh sé an cath i dtaca le tuiscint ar an Ultais a bheith ag Príomhfheidhmeannach na gníomhaireachta.

Ach bhí an caidreamh idir an Roinn Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Tiarna Laird chomh holc sin gur ceistíodh i dteachtaireacht rúnda de chuid taobh na hÉireann den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (23 Bealtaine, 2002) ar cheart iarracht a dhéanamh é a bhriseadh óna phost. Cé go raibh athbhreithniú le déanamh ar an Chathaoirleach roimh dheireadh na bliana sin, mheas Leas-Rúnaí na Roinne, Seán Ó Cofaigh, go mbeadh a leithéid cigilteach go maith ó tharla gurb é Céad Aire Thuaisceart Éireann, David Trimble, a cheap é. "There was a basic question mark about whether in the bigger scheme of things such a move was feasible at this time, given that it would have ramifications for the wider political situation."
Chuir an Tiarna Dennis Rogan ón UUP comhairle neamhfhoirmeálta ar fáil d'fheidhmeannaigh na Breataine fosta: "he accepted that Laird was extremely unorthodox and at times a pest but he advised caution on the matter. While Trimble finds Laird a bit of a joke at times, Rogan said that he might take it badly if moves were made to call into question the UUP leader's judgement, especially so if Laird was the only Chair to be moved."