skip to main content

Na mílte marbh i Mayotte, meastar

An scrios i Mayotte
An scrios i Mayotte

Tá oibrithe tarrthála agus éigeandála ar a ndícheall ar oileáin Mayotte san Aigéan Indiach, áit a meastar na mílte a bheith marbh ag cioclón láidir ansin.

Áirítear go raibh luas 200 cíliméadar san uair faoin gcioclón 'Chido' agus go ndearna sé damáiste mhór don aerfort ansin chomh maith le córais leictreachais,uisce agus cumarsáide na n-oileán.

Deirtear go bhfuil 'Chido' ar an stoirm is láidre le Mayotte a bhualadh le beagnach 100 bliain.

Is ag an Fhrainc atá forlámhas ar Mayotte atá suite lámh le Madagascar.