skip to main content

Ambasáid Iosrael i mBÁC le dúnadh as 'polasaithe frith-Iosrael'

Athghairmeadh Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na tíre seo níos luaithe i mbliana.
Athghairmeadh Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na tíre seo níos luaithe i mbliana.

Tá Iosrael lena n-ambasáid i mBaile Átha Cliath a dhúnadh i bhfianaise "pholasaithe láidre frith-Iosrael" rialtas na hÉireann, a deir Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael Gideon Saar.

"Tugtar faoi deara gur athghaireadh ambasadóir Iosrael in Éirinn roimhe seo nuair a shocraigh Éirinn go haontaobhach 'stát Palaistíneach' a aithint," a dúradh sa ráiteas a d'eisigh Gideon Saar.

"An tseachtain seo caite d'fhógair Éirinn a dtacaíocht do chaingean dlí na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus chuir 'cinedhíothú' i leith Iosrael," a dúirt sé.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris gur cúis mhór aiféala an cinneadh seo de chuid rialtas Iosrael faoi cheannas Benjamin Netanyahu.

I ráiteas ar an ardán X dúirt an Taoiseach go ndiúltaíonn sé scun scan den tuairim go bhfuil Éirinn in aghaidh Iosrael.

"Tá Éire ar son síochána, ar son cearta daonna agus ar son an dlí idirnáisiúnta," a dúirt Simon Harris.

Níos luaithe i mbliana athghairmeadh Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na tíre seo, mar gheall ar chinneadh an Rialtais aitheantas a thabhairt do Stát na Palaistíne.