Tá bean gafa lena ceisitú maidir le dúnmharú Kyran Durnin, an buachaill 8 mbliana d'aois a chuaig ar iarraidh.
Tuairiscíodh an buachaill bheith ar iarraidh mí Lúnasa i mbliana, ach creideann Gardaí gur féidir gur maraíodh dhá bhliain ó sin é.
Bealtaine 2022 an uair dheireanach a chonacthas beo é nuair a bhí sé 6 bhliana d'aois agus ina dhalta ag bunscoil áitiúil i nDún Dealgan.
Bhí sé ina chónaí i dteach i nDún Dealgan ar feadh roinnt blianta, agus chuardaigh Gardaí an teach sin mí Dheireadh Fómhair. Dhearbhaigh na Gardaí nach raibh baint ná páirt ag na daoine a bhí ina gcónaí sa teach an t-am sin leis an mbuachaill ná lenar bhain dó.
Tuigtear gur bean sna fichidí í an té a gabhadh inniu, agus go bhfuil sí á ceistiú i stáisiún in oirthuaisceart na tíre, faoi alt 4 den Acht um an Ceartas Coiriúil.
Is féidir í a cheistiú ar feadh 24 uair.
Tá na Gardaí fós ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu faoi dhúnmharú Kyran, dul i dteagmháil leo, cuma cé chomh beag is atá an t-eolas sin.
Tá Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach i mbun athbhreithniú ar an gcás freisin.