skip to main content

TD nuathofa Eoin Hayes ar fionraí ag na Daonlathaithe Sóisialta

Tá Eoin Hayes atá nuathofa ina TD do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas curtha ar fionrai ó pháirtí pairliminte na nDaonlathaithe Sóisialta.

Tháinig an beart seo tar éis d'Eoin Hayes a dheimhniú gur dhíol se a scaireanna sa chomhlacht bogearraí Palentir ar bheagán faoi bhun €200,000 mí tar éis é bheith tofa chuig Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath.

Dhearbhaigh Cian O'Callghan, leascheannaire an pháirtí go mbeadh Hayes ar fionraí agus go gcuirfí sin i bheidhm láithreach.

Rinneadh seo, a dúirt O'Callaghan de bharr nach raibh an míniú a thug Eoin Hayes uaidh ag preasócáid ar maidin i dTeach Laighean 'fíor'.

Bhain an míniú le díol na scaireanna in Palantir.

De réir an ráitis, is é a dúirt Eoin Hayes inniu go raibh a chuid sciaranna in Palantir díolta aige sular thosaigh sé ag plé le polaitíocht.

Deir O'Callaghan nach raibh an raiteas sin fíor agus gur toghadh Eoin Hayes mar chomhairleoir cathrach mí an Mheithimh 2024 agus gur mí Iúíl 2024 a díoladh na scaireanna.

Deir an páirtí gur ábhar tromchúiseach é, mar go bhfuil sé ríthábhachtach gur féidir na meáin bheith muiníneach as eolas a thugann ionadaithe tofa dóibh.

Ceistíodh Eoin Hayes inniu faoi mar a fuair sé réidh le scaireanna sa chomhlacht a sholáthraíonn gléasanna intleachta saorga d'arm Iosrael.

Dhíol sé na 7,000 scair, a fuair sé mar chuid dá fhostaíocht leis an gcomhlacht, mí Iúil i mbliana ar €199,000.

Shínih sé fógairt leasa do Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath an 26 Meitheamh i mbliana ina ndúirt sé go bhfuair sé réidh leis na scaireanna sa bhlain roimhe sin. Inniu, dúirt sé nár dhíol sé na scaireanna go dtí mí Iúil,

Ghaibh Eoin Hayes leithscéal i ráiteas tráthnóna, as eolas míchruinn a sholáthar, agus go raibh sé ag cur an taifead ina cheart.

Déirt sé freisin go raibh sé ag obair do Palantir idir 2015 agus 2017 in earnálach ar nós Acmhainní Daonna agus Teiceneolaíochta tráth a bhí sé ag obair sna Stáit Aontaithe. Ní raibh aon ról aige in aon rud a bhain le conrartha míleata, d'arm Iosrael ná d'aon dream eile.

Údar díomá dó, a dúirt sé, nár dhíol sé na scaireanna níos luaithe i mbliana nuair a mhéadaigh tacaíocht Palantir d'arm Iosrael nuair a shínigh siad comhpháirtíocht straitéiseach.