Tugadh fear 28 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhún na nGall inniu agus é curtha ina leith go ndearna sé gadaíocht agus buirgléireacht in iarthar na tíre an mhí seo caite.
Bhí Edward Connors ar dhuine de thriúr fear atá gaolta le chéile ar ghabh na Gardaí iad in aice le Baile Sheáin i gCo Chill Dara ar an 29 Samhain.
Gabhadh an triúr mar chuid den fheachtas frithghadaíochta atá ar bun ag na Gardaí dá ngairtear Thor.
Dúradh sa chúirt inniu gur aimsigh na Gardaí sa charr bráisléad óir, slabhra óir agus fáinne óir a líomhnaítear a goideadh as teach i Ros Leathan, Maigh Nulla, i gCo Mhaigh Eo an lá céanna.
Sa charr fosta bhí seodra a líomhnaítear a goideadh as teach i Míleac Thoir i gCo na Gaillimhe an lá roimhe sin.
Dúradh go rabh gléasra sa charr chomh maith a líomhnaítear a bhí ag na fir le cuidiú leo gadaíocht a dhéanamh, mar a bhí, miotógaí, tóirsí, barra bogtha, greamairí, tua, agus scriúirí.
Fuarthas fosta gléas le cur as do chomharthaí fón póca agus dhá uimhirphláta bréige don charr a raibh an triúr fear ann nuair a stop na Gardaí é.
Diúltaíodh iarratas ar bhannaí Edward Connors, cuireadh siar faoi choinneáil é agus tá sé le tabhairt os comhair cúirte arís i Sligeach Déardaoin beag seo.
Cúisíodh an bheirt fhear eile i Sligeach De hAoine seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ