Beidh cruinniú éigeandála ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe níos deireanaí inniu, ar iarratas na Rúise, lena bhfuil i ndán don tSiria a phlé tar éis do cheannaircigh Ioslamacha sa tír sin rialtas Bashar al-Assad a threascairt.
Thacaíodh an Rúis le rialtas Assad agus is sa tír sin atá tearmann faighte aige agus ag a theaghlach.
Is thart ar choicís ó shin a thosaigh ceannairicigh in oirthear agus i dtuaisceart na Siria ag gluaiseacht chun cinn agus chuir sé iontas ar gach dream nach mór a éasca a bhí sé acu seilbh a ghabháil ar bhailte móra agus iad ar a mbealach siar.
Ghabh siad seilbh ar an bpríomhchathair, an Damaisc, gan mórán stró inné.
Comhghuaillíocht is ea na ceannaircigh a bhfuil an grúpa Ioslamach Hayat Tahrir al-Sham ar a cheann.
Is de bhunadh an phobail Alabhaí muintir Assad a bhí i gceannas sa tSiria ó 1971.
Mionlach is ea an pobal Alabhaí sa tSiria – tuairim is 10% den daonra – a raibh cumhacht dhíréireach acu ar an tír go dtí gur cloíodh Assad inné.
Táthar imníoch anois faoina bhfuil i ndán do na hAlabhaithe agus do mhionlaigh eile nuair a dhaingneos na ceannaircigh a ngreim ar an tír.
Áirítear i measc na mionlach eile Coirdínigh, Críostaithe agus Palaistínigh.
Ina cheann sin, tá trí mhilliún teifeach ón tSiria ina gcónaí sa Tuirc agus tá Rialtas na Tuirce ag iarraidh a gcur ar ais ann gan mhoill.
Níl a leas curtha ar cairde ag na hIosraelaigh agus tá eitim tugtha ag fórsaí míleata na tíre sin cheana féin ar sheilbh a ghabháil ar chúig bhaile a bhí ar thalamh eadrána in Ardáin Ghóláin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ