skip to main content

Staitisticí suntasacha faoi Vóta 2024

Breithlá shona do Albert Dolan (FF),
26 bliain slánaithe agus é tofa i nGaillimh Thoir
Breithlá shona do Albert Dolan (FF), 26 bliain slánaithe agus é tofa i nGaillimh Thoir

Seo a leanas cuid de na hábhair eile a bhfuil suntas tugtha dóibh go dtí seo sa chomhaireamh in Olltoghchán 2024.

-An Mhí Thiar an chéad dháilcheantar leis an gcomhaireamh iomlán a chríochnú

-Cabhán-Muineachán ba dheireanaí leis an gcomhaireamh céadrogha

-Albert Dolan (FF) tofa ar a bhreithlá i nGaillimh Thoir

Anne Rabbitte a chaill a suíochán

-An tAire Stáit Anne Rabbitte (FF) i ndiaidh a suíochán a chailleadh i nGaillimh Thoir

-An chosúlacht air go gcaillfidh an t-iar Fheisire Eorpach,Marian Harkin (NSP) a suíochán i Sligeach-Liatroim

Marian Harkin i dtrioblóid mhór

-Timmy Dooley (FF), a bhí ag seasamh i dtoghcheantar an Chláir, ar ais sa Dáil

-Bhí sé gar i mBaile Átha Cliath Láir idir Gerry Hutch (NSP) agus an buaiteoir ar deiridh, Marie Sherlock (LO) don 4ú suíochán

-Rose Conway Walsh (SF), an chéad bhean riamh le bheith ar cheann an chomhairimh i Maigh Eo

-Jennifer Carroll McNeill (FG), an chéad iarrthóir a toghadh don 34ú Dáil

-Michael Lowry (NSP) tofa uair amháin eile i dTiobraid Árann Thuaidh agus muintir Chill Chainnigh sa dáilcheantar ag léiriú an-ghean air

Holly Cairns, ceannaire an nDaonlathaithe Sóisialta

-Ken O'Flynn, mac leis an iar-Aire Noel O'Flynn (FF) tofa do Éire Neamhspleách i gCorcaigh

-Borradh mór faoi pháirtithe beaga An Lucht Oibre agus Daonlathaithe Sóisialta

-Brian Stanley, a d'fhág Sinn Féin faoi scamall agus conspóid, tofa anois mar neamhspleách i Laois.

-Liúradh faighte ag Comhaontas Glas, gan aigesan ach 1 suíochán

-Ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta,Holly Cairns tofa i gCorcaigh, bean a thug páiste ar an saol ar an Aoine

-Níl Peadar Tóibín aonraic sa Dáil a thuilleadh le Aontú.Comhleacaí leis Paul Lawless tofa i Maigh Eo