skip to main content

Tuairimíocht anois go mbeidh Sherlock chun cinn ar Hutch

Hutch i ndiaidh cailleadh amach
Hutch i ndiaidh cailleadh amach

Bhí an tuairim ann inné go bhféadfadh an t-iarrthóir neamspleách, Gerry Hutch an 4ú suíochán a bhuachan i mBaile Átha Cliath Láir.

Ach fuair Marie Sherlock,Lucht Oibre dóthain aistriúchán leis an suíochán deiridh sin a thabhairt léi.

Marie Sherlock tofa

Thart ar mheánlae inniu toghadh Gary Gannon óna Daonlathaithe Sóisialta ansin.

Tá ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald tofa ansin freisin.

'Muid ag déanamh níos fearr ná mar a ceapadh'-Mary Lou McDonald

Toghadh Paschal Donohue, Fine Gael níos túísce tráthnóna.

Bhí Gerry Hutch thart os cionn 5,000 vóta chun cinn ar Marie Sherlock, An Lucht Oibre ag tráth amháin.

Ach dhún Sherlock an bhearna sin áfach a bhuíochas d'aistriúcháin ó Gary Gannon, Daonlathaithe Sóisialta, Mary Fitzpatrick (FF) agus níos cinniúnaí, Paschal Donohue nuair a toghadh eisean.

Faoin 4 a' chlog tráthnóna dearbhaíodh Marie Sherlock tofa.