Tá Pádraig Nally, an feirmeoir ó Chontae Mhaigh Eo a raibh aithne mhór air go náisiúnta a bhuíochas do fhear eile a lámhach agus a mharú 20 bliain o shin, tar éis bháis.
81 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé tinn le tamall.
Ciontaíodh Pádraig Nally agus gearradh 6 bliana príosúin air i 2005 as John 'Frog' Ward a mharú ar a fheirm lámh le sráidbhaile na Croise i ndeisceart Mhaigh Eo.
Tharla an eachtra sin i nDeireadh Fómhair 2004.
Dúirt Nally i gcónaí gur ag iarraidh a theach cónaithe a chosaint a bhí sé agus gurbh é sin a spreag é le Ward a lámhach.
Cuireadh Nally ar a thriail arís i 2006 agus cuireadh ar neamhní an ciontú.
Saoradh Pádraig Nally dá thoradh sin.