skip to main content

206 duine breise i gcóiríocht éigeandála

206 duine breise i gcóiríocht éigeandála
206 duine breise i gcóiríocht éigeandála

Bhí 206 duine breise gan teach cónaithe agus ag brath ar lóistín éigeandála an mhí seo caite i gcomparáid leis an mhí roimhe.

Sin de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta.

14,966 duine a bhí i lóistín éigeandála i nDeireadh Fómhair 2024.

Léirítear freisin ardú i líon na bpáistí atá ag brath ar an gcineál sin lóistín.

Deir Príomhfheidhmeannach Phobal Shíomóin Bhaile Átha Cliath, Catherine Kenny agus Príomhfheidhmeannach Depaul Ireland,David Carroll go mbeadh dúshlán an-mhór roimh an gcéad rialtas eile an 'ghéarchéim' seo a réiteach ach go gcaithfí a bheith 'radacach'.