skip to main content

Feisirí ag vótáil i bhfábhar bille maidir le bás cuidithe

É glan i gcoinne an dlí faoi láthair a bheith rannpháirteach i mbás cuidithe
É glan i gcoinne an dlí faoi láthair a bheith rannpháirteach i mbás cuidithe

D'fhéadfadh sé go mbeadh cosaint dlí amach anseo i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ag an mbás cuidithe.

Sin a bhuíochas do móramh na bhfeisirí i bParlaimint na Breataine ag tabhairt a mbeannacht tráthnóna don reachtaíocht atá á beartú i dtaca leis seo.

An móramh de fheisirí i bParlaimint na Breataine ag tacú leis an mbille

Faoin mbille, ar caitheadh an vóta air inniu cheadófaí do dhuine deireadh a chur leis féin sa gcás is gurbh í tuairim dhochtúirí agus lucht leighis faoi nach sáródh sé fad saoil 6 mhí.

Chaithfeadh an té a bheadh i gceist a bheith os cionn 18 bliain d'aois.

Ceadaíodh do na feisirí uilig vótáil i dTeach na dTeachtaí i Westminster de réir a gcoinsiasa.

Vótáil 330 feisire ar a shon agus 275 ina choinne i ndiaidh na díospóireachta a bhí sách teasaí ar uairimh agus a mhair beagnach 5 uair a chloig.

Ba í an feisire ón Lucht Oibre,Kim Leadbeater a thug an bille os comhair na parlaiminte.

Faoi láthair tá bás cuidithe in aghaidh an dlí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus d'fhéadfaí suas le 14 bliain de théarma príosúin a ghearradh ar aon duine a chiontaítear i gcuidiú le duine a shaol a ghiorrú.