Tá moill coinnithe ó mhaidin ar chustaiméirí le banc an PTSB maidir le seoladh agus fáil íocaíochtaí.
Deirtear gur fabht teicniúil faoi ndear é.
Deir PTSB go mbaineann an fhadhb le soláthróir 3ú páirtí agus gurb iad íocaíochtaí limistéar an Aontais Eorpaigh, SEPA is mó atá buailte.
Tuairiscítear go bhfuil fabht le app an bhainc freisin.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil is é inniu an lá a bhfaigheann cuid mhór oibrithe a n-íocaíocht mhíosúil agus tá an lá mór siopadóireachta sin, Black Friday buailte linn freisin.
Cuireann sé seo uilig leis an ghéarchéim a deirtear.
Tá a leithscéal gafa ag PTSB faoin bhfadhb agus deir sé go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh í a réiteach.