Tá an banna ceoil rap as Gaeilge, 'Kneecap' i ndiaidh an cháis a thug sé i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain a bhuachan.
Bhí sé maíte aige go ndearnadh leithcheal air nuair a dhiúltaigh an t-iar Aire,Kemi Badenoch deontas ealaíne de £14,250 (€17,000) a cheadú dó tráth a raibh sí ina rúnaí gnó agus trádála.
Sheas an Ard Chúirt i mBéal Feirste inniu leis an mbanna agus ball den ghrúpa, DJ Próvaí ag rialú go raibh cinneadh Badenoch neamhdhleathach agus éagórach.

'Níor bhain an cás seo le hairgead' a deir Kneecap 'ach bhain sé le comhionannas agus ba ionsaí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar chultúr ealaíne a bhí sa chinneadh'.
San argóint a rinne an banna rapcheoil deir sé nach raibh Kemi Badenoch sásta an t-airgead a thabhairt dó mar go raibh claonadh sa bhanna gan a bheith ró-fhabhrach do na Tóraithe agus go ndearna sé fiodmhargadh faoin iar-cheannaire Caomhach,Boris Johnson.

Gheobhaidh an banna anois an t-airgead atá dlite dó.
Tá faoi an deontas a roinnt idir 2 ghrúpa pobail i mBéal Feirste, ceann náisiúnach agus ceann aontachtach.
I ráiteas ó Roinn Gnó agus Trádála an Ríochta Aontaithe dúirt sé nach dtroidfeadh sé an cás a thuilleadh.