skip to main content

Thart ar 50% tagtha amach ag vótáil ar an meán

Thart ar 50% ar an meán tagtha amach ag vótáil
Thart ar 50% ar an meán tagtha amach ag vótáil

Bhí uair na cinniúna tagtha do na hiarrthóirí olltoghchánaíochta ar fud na tíre atá ag dréim le suíochán a bhaint amach sa gcéad Dáil eile.

Ba é inniu an lá do phobal vótála na bothanna a thabhairt orthu féin agus a léiriú ar pháipéar ballóide cé na teachtaí dála is ansa leo mar ionadaithe i bparlaimint na tíre.

Faoin 9 a' chlog anocht bhí 50% den phobal vótála tar éis vóta a chaitheamh agus tuigtear gur thart ar leath den dream a bhí i dteideal vóta a chaitheamh a rinne sin.

Ceannairí na bpáirtithe móra, ó chlé: Simon Harris,Mary Lou McDonald,Micheál Martin

62.9% a tháinig amach ag vótáil i 2020, ach tá figiúr an olltoghcháin seo níos ísle.

Ar ndóigh ba ar an Satharn a reachtáileadh olltoghchán 2020.

Ní hí an aimsir is fearr í le bheith ag cur aistear ort féin, tionchar aige sin seans ar líon vótaí a caitheadh

Ón 7 a' chlog ar maidin go dtí gur dúnadh na bothanna ag a 10 a chlog istoíche bhí deis ag an mbreis is 3.6m duine atá cláraithe ar an gclár toghthóirí é sin a dhéanamh.

Na bothanna ag dúnadh ag a 10 a'chlog

43 dáilcheantar ar fad atá i gceist agus is astu sin a thoghfar na teachtaí dála.

Níl ach polaiteoir amháin cinnte dá shuíochán dála, is é sin Seán Ó Fearghaíl a bhí ina cheann comhairle sa Dáil deiridh agus atá ina theachta le Fianna Fáil.

Fágann sin 173 suíochán eile le líonadh sa 34ú Dáil agus ba chóir go mbeadh an próiseas sin críochnaithe go hiomlán faoin tseachtain seo chugainn.

Breis is 680 iarrthóir ar fad atá san iomaíocht do na suíocháin sin, cuid díobh bainteach le páirtí polaitíochta ach cuid eile fós ag seasamh go neamhspleách.

Tá idir 3 agus 5 shuíochán le líonadh i ngach dáilcheantar ag brath ar an daonra.

Ionadaíocht chionmhar nó an PR an córas faoina dtoghtar na hiarrthóirí.

Tá ugach á thabhairt do dhaoine a vóta a chaitheamh

Tosóidh comhaireamh na vótaí ar maidin amárach.

Beidh scagadh cuimsitheach ar na torthaí á dhéanamh ar chláracha éagsúla idir Ghaeilge agus Bhéarla ar RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4.