Tugadh fear 30 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Luimnigh inniu agus é cúisithe maidir le bás fir sna caogaidí ar leag gluaisteán é tráthnóna arú inné.
Is é Danny Connors, as Láithreán Stad Chluain Draighneach i Luimneach, an té a tugadh os comhair na cúirte inniu.
Tá Danny Connors cúisithe i dtiomáint chontúirteach ar Bhóthar Inse i Luimneach Dé Máirt seo caite arbh é bás James Forde a thoradh.
Líomhnaítear freisin nár stop sé ag láthair na tubaiste, nár chuidigh sé le James Forde a bhí gortaithe go dona agus cuirtear ina leith chomh maith go raibh sé ag tiomáint gan árachas agus gan ceadúnas tiomána.
Dúradh sa chúirt go raibh James Forde ag siúl ar thrasrian coisithe nuair a bhuail an gluaisteán é agus í faoi lán siúil.
Bhásaigh James Forde san ospidéal oíche Dé Máirt.
Dhiúltaigh an Breitheamh John King iarratas Danny Connors é a scaoileadh saor ar bhannaí agus chuir sé siar faoi choinneáil é go dtí Dé Máirt seo chugainn, tráth a thabharfar os comhair cúirte arís é ar nasc físe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ