skip to main content

Deich mbliana príosúin gearrtha ar Bhráthair Críostaí i gcúirt i mBéal Feirste

Paul Dunleay ciontaithe trí huaire in ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí
Paul Dunleay ciontaithe trí huaire in ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí

I gcúirt i mBéal Feirste, gearradh téarma príosúin deich mbliana ar Bhráthair Críostaí a bhí ina phríomhoide scoile as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí a bhí faoina chúram.

Ciontaíodh Paul Dunleavy, atá 89 bliain d'aois, i mí Mheán Fómhair seo a chuaigh thart i 36 cúis a bhain le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar naonúr buachaillí.

Rinne sé na cionta idir 1964 and 1991 nuair a bhí sé ag obair i gceithre scoil éagsúla i mBéal Feirste, san Iúr agus in Ard Mhacha.

Idir seacht mbliana agus ceithre bliana déag d'aois a bhí na buachaillí ag an am.

Tá Paul Dunleavy ag cur isteach téarma príosúin cheana féin ó ciontaíodh é dhá uair roimhe seo in ionsaithe gnéis a dhéanamh ar pháistí a bhí faoina chúram.

Nuair a chuirtear na trí thriail san áireamh, ciontaíodh é i 76 cúis san iomlán i dtaca le hocht nduine dhéag.

Agus an téarma príosúin is deireanaí á ghearradh aige ar Paul Dunleavy inniu, mhol an Breitheamh Patrick Lynch an naonúr buachaillí as teacht chun tosaigh lena ngearáin agus dúirt gur duine righin, urchóideach ab ea Paul Dunleavy a shéan na cúisimh a bhi curtha ina leith.

Dúirt an breitheamh fosta go mbeadh an domhan níb fhearr as mura mbeadh a shaol caite ag an gciontóir i seirbhís phoiblí nó reiligiúnda.

Tá Paul Dunleavy sna Bráithre Críostaí i dtólamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ