I gCúirt Choiriúil Chuarda Chorcaí, gearradh ceithre bliana príosúin ar bhean 46 bliain d'aois a phléadail ciontach i dtiomáint chontúirteach arbh é bás an phaisinéara a bhí sa ghluaisteán a thoradh.
Tar éis di dhá dheoch mheisiciúil déag a ól, d'imigh an gluaisteán a bhí Jennifer Thomas a thiomáint den bhóthar i nGleann Maghair i gCorcaigh ar an 11 Feabhra 2023.
Ní raibh crios sábháilteachta ar an bpaisinéir Sheila Dunne, a bhí 50 bliain d'aois, agus bhásaigh sí san ospidéal dhá lá i ndiaidh na tionóisce.
Ba dhlúthchara í le Jennifer Thomas.

Dúirt an Breitheamh Helen Boyle sa chúirt inniu nach dtarlódh an timpiste dá mbeadh bealach eile abhaile socraithe ag an dís sula ndeachaigh siad amach an oíche sin.
Dúirt Garda sa chúirt níos luaithe an tseachtain seo go ndeachaigh Jennifer Thomas a chodladh sa ghluaisteán ar feadh ocht nóiméad agus í stoptha ag soilse tráchta go gairid roimh an tubaiste.
Dúradh chomh maith gur bheag nár leag sí beirt choisithe, gur iarr tiománaithe eile uirthi tarraingt isteach ach gur thug sí neamhaird orthu.
Dúirt abhcóide Jennifer Thomas go raibh an-aiféala ar a cliant faoina ndearna sí agus dúirt gur ghlac sí leis gur náireach an rud é.
Iarmhainicín is ea Jennifer Thomas a ciontaíodh sna cúirteanna deich n-uaire cheana i gcoireanna tiomána agus gadaíochta chomh maith le mí-úsáid drugaí.
Is cúig bliana príosúin a gearradh uirthi inniu ach cuireadh an bhliain dheireanach ar fionraí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ