skip to main content

Airtléire scaoilte ag fórsaí Iosrael le deisceart na Liobáine

Saighdiúirí ó Arm na Liobáine i mbun pointe seiceála i gceantar Marjayoun i ndeisceart na Liobáine, 28 Samhain 2024
Saighdiúirí ó Arm na Liobáine i mbun pointe seiceála i gceantar Marjayoun i ndeisceart na Liobáine, 28 Samhain 2024

Tá airtléire scaoilte ag fórsaí míleata Iosrael le hionaid i ndeisceart na Liobáine siúd is go bhfuil sos comhraic in ainm a bheith curtha i bhfeidhm sa réigiún sin ó inné.

Tuairiscítear gur scaoil na hIosraelaigh sliogáin ó thancanna le sé cheantar gar don teorainn le hIosrael ar maidin inniu agus deir na húdaráis sa Liobáin gur leonadh beirt ar a laghad mar gheall ar an ionsaí.

Tá sé á mhaíomh ag na hIosraelaigh, ámh, gur Hezbollah – seachas iad féin – a sháraigh an sos comhraic.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil comhaltaí de Hezbollah tar éis filleadh ar dheisceart na Liobáine, ar sárú é sin, dar leo, ar an socrú a rinneadh.

Tá sé mar aidhm ag na hIosraelaigh deisceart na Liobáine a chur faoi smacht Arm na Liobáine in áit Hezbollah.

I bhfianaise fhorlann ginearálta na nIosraelach, áfach, is faoina bhforsmacht féin atá an réigiún i ndáiríre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ