Tá fear sna fichidí gafa ag an Gardaí maidir le timpiste bóthair a bhí i gCo Loch Garman inné inar maraíodh fear sna caogaidí.
Maraíodh an fear nuair a bhuail leoraí agus dhá ghluaisteán faoina chéile idir Crois na Coille agus Maolán na nGabhar ag thart ar 5 a chlog tráthnóna inné.
I ráiteas, dúirt na Gardaí gur gortaíodh beirt eile sa timpiste, gur cuireadh cóir leighis orthu ar an mball agus nach bhfuil beatha cheachtair acu i mbaol.
Tá an fear a gabhadh á choinneáil i stáisiún Gardaí i Loch Garman faoi Mhír 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.
Tá na Gardaí in Inis Córthaidh ag achainí ar aon duine a mbeadh eolas ábhartha acu ar an tubaiste teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ