Tá na polaiteoirí ar a mine ghéire ag iarraidh a bpolasaithe agus a ngealltanais a chur i gcion ar an bpobal inniu, an lá deireanach den fheachtas olltoghcháin.
Mar is dual dóibh, ní chuirfidh siad a gcosa i dtruaill nó go mbeidh siad sásta go bhfuil gach iarracht déanta acu cur ina luí ar dhaoine gurbh fhearr vótáil ar a sonsan ná ar son a gcéilí iomaíochta.
Is tábhachtaí fós aird a thabhairt ar gach aon vóta dá bhfuil le fáil ó tá na trí pháirtí is mó – Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin – ag crinneadh a chéile sa rás, de réir na bpobalbhreitheanna.
Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris ag canbhasáil in éindí le hiarrthóirí an pháirtí sin i gceithre dháilcheantar i mBaile Átha Cliath inniu.
Lasfaidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald na soilse ar an gcrann Nollag sa Bhaile Bocht ina dáilcheantar féin i lár Bhaile Átha Cliath tráthnóna agus rachaidh sí go dtí an halla biongó sa Chabrach ina dhiaidh sin.
Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin i gCill Mhantáin inniu agus tabharfaidh sé sciuird ar ball freisin ar dháilcheantar úr Chill Mhantáin-Loch Garman.
Osclóidh na hionaid vótála ar fud an Stáit ag 7 a chlog ar maidin amárach agus dúnfaidh siad ar bhuille an 10 a chlog tráthnóna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ