skip to main content

Díobháil mhór déanta do bhonneagar fuinnimh na hÚcráine ag mórionsaí diúracán

Teaghlach faoin bhfothain ó dhiúracáin na Rúiseach i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, 28 Samhain 2024
Teaghlach faoin bhfothain ó dhiúracáin na Rúiseach i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, 28 Samhain 2024

San Úcráin, fágadh thart ar mhilliún teach cónaithe agus ionad eile gan cumhacht aibhléise tar éis d'fhórsaí míleata na Rúise mórionsaí diúracán a dhéanamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre i gcaitheamh na hoíche.

Cé gur in oirthear na hÚcráine atá an chogaíocht ar siúl, is ar thrí limistéar comharsanachta in iarthar na tíre a bhí an chuid is mó de dhiúracáin na Rúiseach dírithe aréir.

Is in Oblast Lviv, de réir dealraimh, a rinneadh an díobháil is mó, áit a bhfuil 523,000 síntiúsóir gan leictreachas.

Ó thuaidh ó Lviv, tuairiscítear 280,000 síntiúsóir in Obast Rivne agus 215,000 sintiúsóir in Oblast Volyn a bheith fágtha gan chumhacht.

Ina cheann sin, deirtear gur teilgeadh diúracáin le hocht limistéar eile san Úcráin – Odesa san oirdheisceart agus Kharkiv san iarthuaisceart ina measc.

Thart ar an reophointe atá an teocht in áiteanna san Ucráin faoi láthair agus samhlaíonn sé go bhfuil sé mar aidhm ag na Rúisigh cur le cruas an gheimhridh sa tír agus fulaingt an phobail ann a ghéarú tuilleadh.

Ról cinniúnach le bheith ag Keith Kellogg sa chogadh san Úcráin

Inné, d'fhógair Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh an t-iarghinearál airm Keith Kellogg le ceapadh mar thoscaire san Úcráin aige.

Tuigtear go bhfuil an bheirt fhear meáite ar chur ina luí ar Rialtas na hÚcráine glacadh le sos comhraic agus comha síthe mhífhabhrach.

Tá luach beagnach $60 billiún de chúnamh míleata faighte ag an Úcráin ó na Stáit Aontaithe ó rinne an Rúis ionradh ar an tír i mí Feabhra 2022.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ