skip to main content

An dara téarma faighte ag von der Leyen

Fanann Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin
Fanann Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin

Vótáil móramh de na feisirí i bParlaimint na hEorpa ar son an dara téarma mar Uachtarán ar an gCoimisiún a thabhairt do Ursula von der Leyen.

Glacadh freisin lena cuid coimisinéirí uilig, Michael McGrath ón tír seo san áireamh.

26 coimisinéir ar fad atá ceaptha agus is é cúram an Daonlathais, Dlí agus Cirt atá tugtha don iar-Aire Airgeadais, Michael McGrath.

I ndiaidh na díospóireachta a mhair 3 uair a chloig bhí móramh de 88 feisire i bhfábhar an Choimisiúin nua.

An coimisinéir nua-cheaptha Michael McGrath

Vótáil feisirí Fhine Gael agus Fhianna Fáil sa pharlaimint ar son an choimisiúin ach ní bhfuair sé beannacht ó fheisirí Shinn Féin, ón bhfeisire neamhspleách, Luke Ming Flanagan ná ón bhfeisire ón Lucht Oibre,Aodhán Ó Ríordáin.

Staon na feisirí Éireannacha eile, Ciaran Mullooly agus Michael McNamara sa vóta.

Dúirt an Coimisinéir McGrath gur mór an onóir dó a bheith ceaptha mar choimisinéir.

Is é an 12ú duine ón tír seo é le bheith ina choimisinéir Eorpach.