D'fháiltigh an Tánaiste,Micheál Martin aréir roimh an sos comhraic a haontaíodh inné idir Iosrael agus treallchogaithe Hezbollah agus a tháinig i bhfeidhm ó mhoch maidin inniu.
Dúirt Micheál Martin gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza.
Ghlac Iosrael agus Hezbollah tráthnóna inné leis an socrú a d'éirigh leis na Stáit Aontaithe agus an Fhrainc a chur i dtoll a chéile féachaint le deireadh a chur leis an rabharta cogaíochta is deireanaí sa Mheánoirthear.
Faoi ardthráthnóna inniu dúradh go raibh Iosrael agus Hezbollah ag cloí leis an socrú síochána.
Ba é an cogadh i stráice Gaza idir Iosrael agus Hamas, atá ar bun le breis is bliain anois a d'fhág Iosrael agus Hezbollah in árthach a chéile le roinnt míonna anuas.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden go raibh sé mar aidhm ag an socrú síochána seo deireadh a chur go hiomlán leis an gcogaíocht idir Hezbollah agus fórsaí Iosrael.
Faoin socrú tá sé i gceist go n-aistharraingeodh Iosrael a chuid fórsaí amach de réir a chéile sa dá mhí atá romhainn as deisceart na Liobáine.
Tá sé i gceist go nglacfadh arm na Liobáine ansin seilbh ar na stráicí talún ar an teorainn sa deisceart lena chinntiú nach ndéanfar aon ionsaí ar Iosrael.
Tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn an Litani.
Ciallóidh seo uilig go bhféadfaidh sibhialtaigh dul i mbun a gnáth-shaoil sna ceantair cois teorann gan aon bhagairt.
Tá na mílte díobh sin a bhí aslonnaithe le linn na cogaíochta ag déanamh a mbealach ó dheas abhaile anois cé go bhfuil fainic curtha ag Iosrael orthu gan sin a dhéanamh go fóill.
'Má bhriseann Hezbollah aon chuid den socrú seo rachaidh Iosrael ar an ionsaí in athuair' a bhagair Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu.
Dúirt Benjamin Netanyahu go raibh Hezbollah níos laige anois a bhuíochas don fheachtas a bhí ar bun ag Iosrael ina choinne le cúpla mí.