skip to main content

An t-iar-Aire Rialtais Gemma Hussey tar éis bháis

Bhí Gemma Hussey ina hAire Oideachais idir 1982 agus 1986
Bhí Gemma Hussey ina hAire Oideachais idir 1982 agus 1986

Tá an t-iar-Aire Rialtais Gemma Hussey tar éis bháis in aois a 86 bliain.

Bhain sí suíochán Dála amach le Fine Gael i gCIll Mhantáin in olltoghchán mhí Feabhra 1982.

Bhí sí ina hAire Oideachais idir 1982 agus 1986 - an chéad Aire Oideachais mná í ag an pháirtí sa chomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre.

Chaith sí sealanna gairide ina dhiaidh sin ina hAire Leasa Shóisialaí agus ina hAire Saothair.

Ba í an chéad urlabhraí Gnóthaí Ban í ag páirtí Fhine Gael.

Ba le linn a réime mar Aire Oideachais a tugadh scrúduithe closéisteachta agus cainte isteach mar chuid de scrúduithe Stáit.

Thacaigh sí go láidir leis an reachtaíocht ar an cholscaradh agus throid sí san fheachtas reifrinn ar an ábhar i 1986, reifreann a chaill an rialtas.