skip to main content

Trí bliana príosúin gearrtha ar an iarimreoir rugbaí Brendan Mullin

Gearradh téarma príosúin trí bliana ar Brendan Mullin inniu
Gearradh téarma príosúin trí bliana ar Brendan Mullin inniu

I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, gearradh trí bliana príosúin ar an iarimreoir rugbaí Brendan Mullin faoi os cionn €570,000 a ghoid ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann agus faoi shonraisc bhréagacha a sholáthar don bhanc.

Phléadáil Brendan Mullin, atá 61 bliain d'aois, neamhchiontach sna cúiseanna.

Dúradh ina thriail go ndearna sé na cionta i gceannáras Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann i mBaile Átha Cliath idir Iúil 2011 agus Márta 2013, tráth a bhí sé ina phríomhfheidhmeanach ar an mbanc.

Dúirt an Breitheamh Martin Nolan sa chúirt inniu cé nach ndúirt Brendan Mullin riamh cén fáth a ndearna sé na cionta gur dóigh gur gannchúis airgid a bhí air a lig i gcathú é.

Chuir an breitheamh san áireamh mar imthoisc mhaolaitheach, a dúirt sé, gur íoc Brendan Mulliin an t-airgead ar fad ar ais leis an mbanc.

Imthoisc mhaolaitheach eile, arsa an breitheamh, is ea an tamall fada a bhain sé as an Stát an cás a phróiseáil.

Trícheathrúnach amuigh ab ea Brendan Mullin a d'imir d'fhoireann rugbaí na hÉireann 55 uair idir 1984 agus 1995.

D'aimsigh sé seacht n-úd déag le linn dó a bheith ag imirt d'Éirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ