Tá an t-aisteoir agus an fuirseoir Jon Kenny, a bhain cáil amach mar dhuine den dís d'Unbelievables le Pat Shortt, ar éis bháis.
66 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé ag fáil cóir leighis le bliain anuas don ailse a bhí air.
Bhain sé cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach sna 1990aidí lena leathbhádóir Pat Shortt ina seó d'Unbelievables mar bheirt shaoithiúil a raibh cora cainte tíorúla agus barrúla acu.
Shaothraigh sé a ghairm mar aisteoir sna scannáin The Van, Les Misérables (1998), Angela's Ashes, Mrs Brown's Boys D'Movie, Song of the Sea, Wolfwalkers, agus le déanaí i The Banshees of Inisherin, áit ar oibrigh sé arís le Pat Shortt. Chonacthas é i gclár amháin den tsraith Father Ted chomh maith.
Ar ardán na hamharclainne rinne sé drámaí mar The Matchmaker de chuid John B Keane; She Stoops to Conquer de chuid Oliver Goldsmith in Amharclann na Mainistreach agus an seo aonair de chuid Katie Holly Crowman, ina ndearna sé páirt dheich bpearsa.
Ba as Co. Luimnigh ó dhúchas Jon Kenny.