D'fhógair Uachtarán nua-thofa Mheiriceá,Donald Trump go gceapfaidh sé an fear gnó,Elon Musk i gceannas ar thogra speisialta a bhfuil sé mar aidhm aige costais rialtais a laghdú agus a éifeacht a mhéadú.
Tá sé ráite roimhe seo ag Elon Musk go bhféadfadh sé 2 thrilliún dollar a ghearradh de bhuiséad na tíre.
Níl aon chur síos déanta aige áfach ar an gcaoi a ndéanfadh sé a léithid.
Tá Elon Musk le ceapadh i mí Eanáir, tráth a dtiocfaidh Donald Trump i gcomharbacht ar Joe Biden sa Teach Bán.
Tá Donald Trump freisin chun an láithreoir nuachta le Fox News agus an t-iarshaighdiúr, Pete Hegseth a cheapadh ina Rúnaí Dlí is Cirt.
Bhí cruinniú inniu sa Teach Bán ag Donald Trump leis an Uachtarán Biden mar chuid den phróiseas aistrithe cumhachta i Meiriceá idir uachtarán agus an té atá ag teacht ina dhiaidh.
Dhiúltaigh Donald Trump a mhacasamhail de chruinniú a reachtáil i 2020 mar go raibh sé den tuairim gur le caimiléireacht a fuarthas an ceann ab fhearr air sa toghchán uachtaránachta.