Beidh go leor de na páirtithe polaitiúla ag foilsiú polasaithe éagsúla inniu mar chuid dá bhfeachtas olltoghchánaíochta.
Beagán le cois coicíse inniu atá fágtha sula dtabharfaidh an pobal na bothanna vótála orthu féin ar an 29Samhain.
Is i mBaile Átha Cliath atá ceannaire Fhine Gael,Simon Harris agus é ag tabhairt cuairte ar roinnt mhaith dáilcheantar ansin ó dheas den chathair.
I gCill Dara atá ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin i mbun canbhasála.
I gCo.Chorcaí atá ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald agus beidh sí i gCo.Luimnigh ar ball.
I measc na n-ábhar atá leagtha amach ag na páirtithe inniu tá cúram leanaí, athnuachan ar bhailte chomh maith le hionadaíocht d'oibrithe.
Tabharfar breis eolais freisin i dtaca le cúrsaí tithíochta agus cosaint níos fearr a thabhairt do neodracht na tíre.