Tá na páirtithe polaitiúla ag seoladh a bhforógraí toghchánaíochta inniu.
Tá Fianna Fáil ag gealladh an pinsean Stáit a mhéadú go €350 sa tseachtain má bhíonn siad i gcumhacht arís i ndiaidh an toghcháin.
Is cuid é an gealltanas de fhorógra toghchánaíochta an pháirtí a seoladh ar maidin.
Nochtóidh páirtithe polaitiúla eile agus iarrthóirí neamhspleácha a bpolasaithe toghcháin inniu le linn dóibh a bheith a mbun stocaireachta don Olltoghchán ar an 29 Samhain.
Seo an tríú lá iomlán den fheachtas ó scoradh an Dáil go hiomlán Dé hAoine seo caite.
Ba iad Fianna Fáil an chéad pháirtí a sheol a bhforógra polasaithe inniu.
Chomh maith leis an phinsean Stáit a mhéadú, geallann an páirtí na príomh rátaí leasa shóisialaí a mhéadú faoi €12 sa bhliain agus ligean do dhaoine leanacht ar aghaidh ag obair i ndiaidh na 65 bliain a shlánú, más mian leo sin.
Geallann Fianna Fáil chomh maith go laghdóidh siad táillí cúraim leanaí go dtí €200 sa mhí do gach leanbh agus deir an páirtí go laghdóidh siad na táillí tuilleadh má cheadaíonn an geilleagar sin.
Beidh ceannaire an pháirtí Micheál Martin ag stocaireacht i gCo. Lú agus i gCo. na Mí inniu.
Fine Gael
Níos déanaí i mBaile Átha Cliath nochtóidh Simon Harris pleananna a pháirtí le 300,000 aonad cónaí a thógáil idir seo agus 2030, le cabhair €10 billiún ó chiste breithiúnais cánach Apple.
Tá sé i gceist sa phlean €40bn síneadh ama a chur leis an scéim Cúnamh le Ceannacht go dtí an bliain 2030 agus an faoiseamh cánach a mhéadú ó 30,000 go 40,000.
Is mian le Fine Gael freisin an scéim cothromais comhroinnte don Chéad Bhaile a chur ar fáil chomh maith do cheannaitheoirí céad uaire ar mian leo teach den dara lámh a cheannacht.
Beidh Simon Harris i gCo. Dhún na nGall níos moille tráthnóna.
Sinn Féin
Chuir Sinn Féin a n-iarrthóirí Olltoghcháin i láthair ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar maidin.
71 iarrthóir a bheidh san iomaíocht do shuíocháin Dála.
Dúirt an páirtí ar maidin go gcuirfidh siad deireadh leis an Muirear Sóisialta Uilíoch ar an chéad €45,000 de ioncaim daoine má thoghtar iad.
Measann Sinn Féin go mbainfidh dhá mhilliún oibrí leas as an bheartas a chosnóidh €1.8 mhilliún.
Dúirt an ceannaire Mary Lou McDonald go dtiocfaidh ardú ar cháin ioncaim daoine atá ag saothrú os cionn €140,000 agus gur as sin a íocfaidh an Stát as an laghdú sa Mhuirear Sóisialta Uilíoch.
Bainfidh sé dhá bhliain as na hathruithe ar an MSI a chur i bhfeidhm a dúirt an páirti.