skip to main content

Dáil Éireann scortha, olltoghchán ar an 29 Samhain

Barántas scoir an 33ú Dáil á shíniú ag Uachtarán na hÉireann
Barántas scoir an 33ú Dáil á shíniú ag Uachtarán na hÉireann

D'fhógair an Taoiseach Simon Harris go hoifigiúil tráthnóna inniu go reáchtálfar olltoghchán ar an 29 Samhain, trí seachtaine ó inniu.

Tá an 33ú Dáil Éireann scortha ag an Uachtarán Michael D Higgins ar iarratas an Taoisigh, tá an eascaire toghcháin sínithe ag an Aire Rialtais Áitiúil Darragh O'Brien agus tá tús oifigiúil curtha leis an bhfeachtas olltoghchánaíochta i 43 dáilcheantar an Stáit.

De réir Airteagal 13.2.1 de Bhunreacht na hÉireann, tá iallach ar an Taoiseach iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a scor sular féidir olltoghchán a ghairm.

De dhéanta na fírinne, ní raibh i bhfógra an Taoisigh ach an teailí-hó foirimiúil a theastaigh ó na polaiteoirí chun iad féin agus a lucht tacaíochta a scaoileadh den éill, arae tá an fheachtasaíocht agus an stocaireacht ar siúl le tamall i ndáiríre.

Ó thug polaiteoirí sinsearacha sa Chomhrialtas le fios an mhí seo caite gur mhian leo olltoghchán a bheith ann roimh dheireadh na bliana, tá póstaeir á bpriondáil as éadan, tá bileoga á scaipeadh agus tá gach uile úmachan eile á dhéanamh ag na hiarrthóirí i gcomhair lá an Luain – bíodh is gur De hAoine a bheas ann!

Go deimhin, níor chuir Simon Harris a leas féin ar cairde agus chuaigh sé i measc na ndaoine a thúisce a bhí an gnó foirimiúil in Áras an Uachtaráin críochnaithe aige tráthnóna.

Roimhe sin ar fad, is ag Tithe an Rialtais, tar éis dó filleadh ar Éirinn ó chruinniú de cheannairí Eorpacha i mBúdaipeist, a d'fhógair an Taoiseach a rún – an rún is neamhrúnda sa tír!

An 'rún' á nochtadh ag an Taoiseach ag Tithe an Rialtais

De réir gnáis, chaith an Taoiseach léim Dhroichead na nAlt, thrasnaigh sé an Life agus chuaigh sé chuig Áras an Uachtaráin chun iarraidh ar an Uachtarán de chaint bhéil an Dáil a scor agus na cáipéisí ábhartha a shíniú.

Ag doras an Árais

Bhí iarrtha ag grúpa feachtasaíochta ar son na Palaistíne ar an Uachtarán Higgins gan an Dáil a scor nó go rithfí Bille na gCríocha Forghafa, reachtaíocht a chuirfeadh cosc ar thrádáil idir Éire agus lonnaíochtaí mídhleathacha na nIosraelach i gcríocha na bPalaistíneach.

Ba rómhór an t-iarratas é, áfach, go háirithe ó gheall an Tánaiste Micheál Martin go diongbháilte go n-achtófaí an bille sin nuair a bheifí cinnte dearfa de nach raibh aon ní as cor ann ó thaobh an dlí de.

Margadh déanta

Tar éis don Uachtarán an pár cinniúnach a dhúchan lena ainm i Seomra Fáiltithe an Árais, thóg an tAire Rialtas Áitiúil Darragh O'Brien a pheann féin as a phóca agus shínigh an eascaire toghcháin de réir riachtanas oifigiúil an Stáit.

Dearbhaíodh ina dhiaidh sin gur ar an 18 Nollaig a shuífeadh an 34ú Dáil Éireann den chéad uair.

Chuaigh an Tánaiste i measc na ndaoine an dá Luas a rinne an Taoiseach an fógra mór

Is i mí Feabhra 2020 a bhí an t-olltoghchán deireanach ann.

Idir theacht agus imeacht idir dhá linn, áfach, d'athraigh an líon suíochán a bhí ag roinnt de na páirtithe faoin am a scoireadh an Dáil tráthnóna inniu:

Fianna Fáil* 35; Sinn Féin 33; Fine Gael* 32; Comhaontas Glas* 12; Daonlathaithe Sóisialta 6: Lucht Oibre 6; Dlúthpháirtíocht-Pobal Roimh Bhrabús 5; Aontú 1; Éire Neamhspleách 3; Ceart chun Athraithe 1; Neamhspleáigh 19; Ceann Comhairle 1.

* Páirtithe an Chomhrialtais

174 suíochán a bheas sa 34ú Dáil, i gcomórtas leis an 160 suíochán a bhí sa Dáil a scoireadh inniu.

Cuid mhaith de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, ámh, ní bheidh siad ag filleadh ar Theach Laighean ar an 18 Nollaig.

I gcás Fhine Gael, níos mó ná a leath acu – 18 den 33 – ní bheidh siad san iomaíocht an uair seo ar chúiseanna éagsúla.

Tá Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil ar dhuine de Theachtaí Dála an pháirtí sin atá ag éirí as rás na polaitíochta.

Mar leis an mórpháirtí eile sa Stát, Sinn Féin, rinne an ceannaire Mary Lou McDonald achoimrín dá cuid féin ar an rogha a chreideann sí a bheas ag na vótálaithe.

"Rogha stairiúil" a bheas ag daoine ar an 29 Samhain, a deir ceannaire Shinn Féin

Rogha stairiúil a bheas ann, arsa Mary Lou McDonald, idir comhrialtas eite clé a mbeadh Sinn Féin ina cheann ar thaobh amháin agus Fianna Fáil agus Fine Gael ar an taobh eile, ar cosúil iadsan le Munachar agus Manachar, a dúirt sí.

Is iad Munachar agus Manachar an cúpla comhionann sa scéal cáiliúil Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, agus i scéalta eile nach é.

Más ise Eilís, áfach, is i dTír na nUafás seachas Tír na nIontas atá sí le scaitheamh agus glactar leis gur mór an dúshlán atá roimpi teacht anall slán gan deargadh an chreabhair a dhéanamh uirthi.

Is cinnte go bhféachfaidh na páirtithe eile – clé, deas, idir eatarthu agus eile – faill a bhreith ar Shinn Féin agus sciar maith de na vótaí a fuair an páirtí sin in 2020 a tharraingt chucu féin an iarraidh seo.

Pé scéal é, tá na díslí caite, tá an crann curtha agus is eol don saol gur maith an scéalaí an aimsir!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ