skip to main content

Leibhéal ard d'eachtraí ciaptha agus bulaíochta i measc fhoireann Ollscoil na Gaillimhe, a léiríonn suirbhé inmheánach.

Rinneadh an suirbhé mar chuid de thuarascáil Athena Swan ar an chultúr oibre i measc fhoireann na hOllscoile
Rinneadh an suirbhé mar chuid de thuarascáil Athena Swan ar an chultúr oibre i measc fhoireann na hOllscoile

Léiríonn tuairisc faoin timpeallacht oibre in Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil leibhéal ard d'eachtraí ciaptha agus bulaíochta i measc na foirne. Deir an Ollscoil gur díol imní an méid a léiríodh sa suirbhé inmheánach ach nach bhfuil ann ach gné amháin den scéal.

Is i 2023 a rinne Oifig an Leasuachtaráin ar Ghnóthaí Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe in Ollscoil na Gaillimhe an suirbhé faoi chultúr na hoibre i measc fhoireann agus bhainistíocht na hOllscoile. Is cuid é an suirbhé de obair na hOllscoile cloí le cairt chaighdeáin na heagraíochta Athena Swan a choinnionn súil ar chomhionannas inscne in institiúidí 3ú leibhéal in Éirinn.

Léiríonn an suirbhé a d'fhreagair 39% den fhoireann iomlán, go bhfaca nó gur fhulaing líon ard oibrithe bulaíocht, ciapadh nó leithcheal sa láthair oibre.

Dúirt 40% go bhfaca siad bulaíocht nó ciapadh agus dúirt 30% gur fhulaing siad féin a leithéid.

Dúirt 38% go bhfaca siad leithcheal á dhéanamh agus dúirt an ceathrú cuid gur fhulaing siad leithcheal.

I ráiteas a chuir an Ollscoil ar fáil do Nuacht inniu, dúirt siad go díol imní dóibh na fadhbanna a léiríodh sa suirbhé seo. Dúirt siad go léiríonn an próiseas a bhain leis an tuarascáil "tiomantas na hOllscoile don oscailteacht agus don mheas."

Dhiúltaigh an Ollscoil an tuarascáil a chur ar fáil do Nuacht. Dhiúltaigh siad roimhe seo an teolas a chur ar fáil d'iriseoirí eile faoi faoin Acht um shaoráil faisnéise.

Dúirt an Ollscoil sa ráiteas nach bhfuil "sa léiriú ar Ollscoil na Gaillimhe mar áit ina bhfuil cultúr bulaíochta agus ciaptha i réim ach gné amháin den scéal. Dúirt 50% de na freagróirí go gcreideann siad 'go bhfuil an cultúr inár n-ollscoil níos cuimsithí le ceithre bliana anuas.'"

Lena chois sin dúirt an Ollscoil gur thug "formhór na foirne freagra dearfach nuair a fiafraíodh díobh an bhfuil ‘an cultúr agus an t-atmaisféar atá i réim i m’aonad/mo scoil cuimsitheach agus cairdiúil do chách' agus 'an gcothaíonn m’aonad/mo scoil luachanna agus nósanna iompair soiléire maidir le conas ba chóir do dhaoine caitheamh lena chéile'."

Tá gá le tuilleadh oibre, a dúirt siad, le tuiscint a fháil ar thuairiscí ó chomhaltaí foirne a chonaic nó a d’fhulaing ciapadh agus/nó bulaíocht, chun a fháil amach an eachtraí iad a tharla le déanaí nó i bhfad ó shin.