skip to main content

An craoltóir aitheanta Kathleen Watkins tar éis bháis

Kathleen Watkins
Kathleen Watkins

Tá an craoltóir, an scríbhneoir agus an ceoltóir Kathleen Watkins tar éis bháis. Bhí sí 90 bliain d'aois.

Bhí Kathleen Watkins pósta leis an gcraoltóir aitheanta le RTÉ Gay Byrne a fuair bás cúig bliana ó shin.

Ba as Teach Sagard in iardheisceart Chontae Átha Cliath Kathleen Watkins ó dhúchas.

Bhain sí cáil amach ina hóige mar chláirseoir agus mar amhránaí tíre sula bhfuair sí post in RTÉ mar láithreoir leanúnachais.

Go deimhin, ba í féin an chéad láithreoir leanúnachais a chonacthas ar an scáileán nuair a seoladh Telefís Éireann Oíche Chinn Bhliana 1961.

Kathleen Watkins circa 1966

Bhí aithne aici ar Gay Byrne roimhe sin agus phós siad i 1964.

Bhi baint ag Kathleen Watkins le cláir éagsúla ar RTÉ i gcaitheamh na mblianta agus bhí an-tóir go háirithe ar an tsraith Faces & Places a chuir sí i láthair sna 1980í.

Gay Byrne agus Kathleen Watkins in 2009

Blianta i ndiaidh di éirí as an gcraoltóireacht, scríobh Kathleen Watkins sraith scéalta do pháistí faoi mhuicín gleoite darb ainm Pigín agus ar bronnadh gradam scríbhneoireachta uirthi as.

Maireann a beirt iníonacha agus a cúigear garpháistí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ