Deir saineolaithe aeráide go bhfuil siad nach mór cinnte de go mbeidh 2024 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh.
Dar le gníomhaireacht monatóireachta an Aontais Eorpaigh, Corpernicus, beidh teocht na cruinne i mbliana 1.55 céim Celsius níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, díreach sular tosaíodh ag dó breoslaí iontaise ar bhonn tionsclaíoch.
Seo an chéad bhliain don teocht a bheith níos mó ná 1.5 céim os cionn mheánteocht na mblianta úd.
De réir an chomhaontú aeráide a síníodh i bPáras in 2016, tá iallach ar thíortha an domhain an t-ardú teochta a choinneáil faoi bhun 2 chéim agus dianiarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5 céim.
Criathrófar an cheist ag comhdháil idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide a gcuirfear tús leis san Asarbaiseáin Dé Luain seo chugainn.
Tá an ráta téimh in Éirinn ar aon bhonn leis an gcuid eile den domhan, a deir saineolaithe na tíre seo.
Is é an t-athrú aeráide is cionsiocair leis an anaimsir arb í is siocair le roinnt de na tubaistí móra daonna atá ag tarlú níos minice ar na saolta seo, cuir i gcás, an lomscrios a rinne na maidmeanna tuile a bhí in oirthear na Spáinne an tseachtain seo caite.
Agus uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú, tá níos mó scamall á gcruthú agus tá tuairteanna báistí sa réigiún sin níos troime anois ná mar a bhí riamh dá bharr sin, de réir na saineolaithe.
Tá baint ag an bpatrún aimhrialta aimsire El Niño leis an scéal freisin.
Cé gur feiniméan nádúrtha é El Niño a chothaíonn as féin ardú teochta, fearthainn throm agus triomach, creideann saineolaithe áirithe go bhfuil téamh leanúnach na cruinne ag cur lena fhíochmhaire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ