skip to main content

An 33ú Dáil ina suí den uair dheiridh agus olltoghchán chugainn

Líonfar na suíocháin i nDáil Éireann an athuair i dtús na míosa seo chugainn
Líonfar na suíocháin i nDáil Éireann an athuair i dtús na míosa seo chugainn

Tá Dáil Éireann ina suí den uair dheiridh inniu agus rún ag an Taoiseach Simon Harris olltoghchán a ghairm go hoifigiúil tráthnóna amárach.

Dhearbhaigh an Taoiseach ar RTÉ tráthnóna inné go n-iarrfadh sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 33ú Dáil a scor amárach le súil olltoghchán a reáchtáil ar an 29 Samhain.

Thug sé le fios go raibh uaidh an Bille Airgeadais a rith sula ndeimhneodh sé dáta an olltoghcháin.

Cuimsíonn an bille sin na hathruithe éagsúla a fógraíodh sa Bhuiséad an mhí seo caite agus ritheadh é sa Dáil arú inné.

Dúirt Simon Harris freisin go raibh sé ag tnúth go mór le polasaithe Fhine Gael a chur i láthair an phobail as seo go lá na vótála.

Tuigtear nach bhfuil ach leathchois ag roinnt mhaith Teachtaí Dála i dTeach Laighean faoin tráth seo agus iad ar bís le tabhairt faoin bhfeachtas toghchánaíochta ina ndáilcheantair féin.

Sa Dáil inniu, mar bhéim scoir, tharraing páirtithe an fhreasúra aird ar chuid de na mórcheisteanna a bheas faoi iomrá le linn an fheachtais – tithíocht, na seirbhísí sláinte agus an costas maireachtála ina measc.

Rinneadh tagairt chomh maith don nós atá ann, má tá, airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.

I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, dúirt Simon Harris nár mhór d'iarrthóirí an pháirtí sin leathar na mbróg a chaitheamh agus dul i measc na ndaoine lena chinntiú go dtoghfaí iad.

Mhaígh sé freisin, agus é lán de mhisneach, gur scoth na bhfeachtas a bheadh i bhfeachtas Fhine Gael.

Beidh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ina chomhghleacaí agus ina chéile comhraic araon ag Simon Harris ó amárach.

I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, thug Micheál Martin le fios go raibh sé féin ag tnúth le dul i measc an phobail agus na ceisteanna móra a chur trí chéile leis an duine mar chách.

Dúirt sé le Teachtaí Dála agus le Seanadóirí an pháirtí gur mhian leis Fianna Fáil a bheith i gceann an chéad rialtais eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ