Dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris tráthnóna inniu go bhfuil sé le Dáil Éireann a scor arú amárach agus go bhfuil súil aige go reáchtálfar olltoghchán ar an 29 Samhain.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Taoiseach go bhfuil sé i gceist aige an Dáil a scor ar an Aoine a luaithe a thiocfas sé ar ais as príomhchathair na hUngáire, Búdapeist, áit a mbeidh sé rannpháirteach i gcruinniú de cheannairí Eorpacha.
Feachtas toghchánaíochta trí seachtaine a bheas i gceist, mar a bhí geallta ag an Taoiseach roimhe seo.
Thug sé le fios go bhfuil sé ag súil go mór lena fheachtas féin a chur os comhair an phobail.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ