Deir na húdaráis in oirthear na Spáinne go bhfuil 89 duine fós ar iarraidh tar éis na maidhmeanna móra tuile a bhuail réigiún Valènica an tseachtain seo caite.
Tá oibrithe tarrthála ag caidéalú uisce i gcónaí as feithiclí, carrchlóis agus garáistí faoi thalamh le súil teacht ar choirp na marbh, nó cuid acu ar a laghad.
Tá idir shaighdiúirí, phóilíní agus ghardaí sibhialta – 15,000 acu – páirteach san obair mhór.
Áirítear 219 duine a bheith maraithe mar gheall ar an tubaiste, diomaite de na daoine atá ar iarraidh.
Ar a mhuin sin, tá an-díobháil déanta ag na tuilte do mhaoin agus do bhonneagar an réigiúin agus tá slad déanta ar bharra.
Tá ciste €10.6 billiún le cur ar fáil ag Rialtas na Spáinne le teacht i gcabhair ar an bpobal agus leis an mbonneagar a atógáil.
Teaghlaigh ar maraíodh daoine muinteartha leo, daoine ar scriosadh a n-áiteanna cónaithe agus gnóthais bheaga, tá siad ar fad i measc na ngrúpaí a ndáilfear an t-airgead orthu.
Lamhálfar faoiseamh cánach agus iasachtaí do dhaoine agus cuirfear aisíocaíochtaí morgáiste ar fionraí go ceann trí mhí freisin.
Ina cheann sin, gheall Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez go n-íocfadh an rialtas as an obair ghlantacháin a mbeadh na húdaráis áitiúla freagrach as de ghnáth.
Thug sé le fios chomh maith gur iarr an rialtas maoiniú fóirithinte ó chiste dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ