skip to main content

Toghchán Uachtaránachta Mheiriceá: Trump leis an dara seal a chaitheamh sa Teach Bán

Donald Trump ag labhairt lena lucht tacaíochta in Florida
Donald Trump ag labhairt lena lucht tacaíochta in Florida

Tá toghchán uachtaránachta Stáit Aonaithe Mheiriceá buaite ag iarrthóir na bPoblachtach Donald Trump.

Tá 294 de na coláistí toghcháin aige faoi lathair, le hais an 223 atá ag iarrthóir na nDaonlathaithe Kamala Harris.

Ós 270 a theastaíonn leis an toghchán a bhuachan go hoifigiúil, tá an chraobh beirthe leis ag Donald Trump agus tá a rás rite ag Kamala Harris, í faoi dhrámh.

Mar leis na seacht stát chinniúnacha sa toghchán, thug Donald Trump leis North Carolina, Georgia, Pennsylvania, Wisconsin agus Michigan as éadan agus tá sé chun tosaigh sa phéire eile – Arizona agus Nevada – bíodh is nach mbaineann siad le hábhar níos mó.

Dealraítear leis go bhfuair Donald Trump an sciar is mó de vótaí an phobail, gan na coláistí a bhac. 51% an céatadán de na vótaí atá aige faoi láthair.

Cár na caithréime: Donald Trump agus a theaghlach ar an ardán in Florida

Agus é ag labhairt lena lucht tacaíochta bríomhar in Florida, mhaígh Donald Trump gur "ré órga" sna Stáit Aontaithe a bhí ann – a ré féin, is cosúil – agus dúirt go "dtroidfeadh sé ar son gach saoránaigh" sa tír.

Dúirt sé chomh maith go raibh rún aige Meiriceá "a leigheas".

Bhí an t-iarrthóir don leasuachtaránacht JD Vance ar an ardán in éindí leis agus gheall seisean go gcuirfeadh na Poblachtaigh borradh úr faoi gheilleagar na Stát Aontaithe.

Go deimhin, is cosúil go raibh baint thar a bheith suntasach ag cúrsaí eacnamaíochta le toradh an toghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna ar aon nós.

As na daoine a dúirt roimh an toghchán gurbh é staid an gheilleagair ba mhó ba chás leo, thug 79% díobh le fios go vótálfaidís ar son Trump.

Más teist ar bith na margaí airgeadais ar na cúrsaí sin, mhéadaigh luach an dollair a luaithe ba léir gur ag Trump a bheadh an lá.

Poblachtaigh ag ceiliúradh in San Carlos, California

Gan trácht ar an Teach Bán, tá na Poblachtaigh le seilbh a ghlacadh ar an Seanad freisin. Siúd is go bhfuil na vótaí á gcomhaireamh i gcónaí, tá 51 den 100 suíochán acu cheana féin.

Bhí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar dhuine de na chéad cheannairí idirnáisiúnta lena bhua a thréaslú le Donald Trump.

I ráiteas ar X, dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh sé buíoch as polasaí 'ní síocháin go neart' Donald Trump.

Is é an polasaí sin a chuirfeas ar bhóthar na síochána sinn san Úcráin, arsa Volodymyr Zelensky.

Rinne Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu comhghairdeas le Donald Trump chomh maith agus dúirt gur deis úr a bhí ann "an chomhghuaillíocht iontach" idir Iosrael agus na Stáit Aontaithe a athdhaingniú.

Thréaslaigh an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin a bhua le Donald Trump agus dúirt go raibh Rialtas na hÉireann ag súil le comhoibriú leis an rialtas nua in Washington.

Gan duine ná deoraí fanta san áit a raibh súil ag Daonlathaithe bua Kamala Harris a cheiliúradh

Níl dada ráite go hoifigiúil ag Kamala Harris fós ach tuairiscítear go bhfuil sí le glao teileafóin a chur ar Donald Trump níos deireanaí inniu le comhghairdeas a dhéanamh leis.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil an tUachtarán Joe Biden le labhairt go poiblí ar thoradh an toghcháin go gairid.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ