skip to main content

An-imní léirithe faoi 'Mercusor' ag agóid i mBÁC

Feirmeoirí i mbun agóide
Feirmeoirí i mbun agóide

'Beimíd plúchta ag mairteoil saor ó Mheiriceá Theas'.

Ba é sin an phríomhtheachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh inniu ag slógadh lasmuigh de Dháil Éireann inar léiríodh míshástacht faoi mhargadh trádála Mercosur.

Feirmeoirí ó eagraíochtaí talmhaíochta éagsúla sa tír a bhí páirteach san agóid agus imní orthu faoin socrú trádála a d'fhéadfaí a dhéanamh idir an tAontas Eorpach (AE) agus tíortha áirithe i Meiriceá Theas.

Cheadódh margadh trádála Mercusor do thíortha i Meiriceá Theas mairteoil a dhíol isteach san AE ar phraghas níos saoire.

Deir feirmeoirí anseo go mbeidh cuid mhór feirmeoirí beaga agus gnónna tuaithe i mbaol má shínítear an comhaontú.

D'fhéadfadh sé go mbeadh an margadh déanta ag Cruinniú Mullaigh an G20 i Meiriceá Theas roimh dheireadh na míosa seo.