skip to main content

Ambasadóir iomlán ón bPailistín chun na hÉireann ceaptha

Jilan Wahba Abdalmajid
Jilan Wahba Abdalmajid

Den chéad uair riamh tá Ambasadóir iomlán ón bPailistín chun na hÉireann againn.

Is í Jilan Wahba Abdalmajid an té atá i gceist, bean atá ina Ceann Misean don Phailistín anseo cheana féin.

Ghlac an Rialtas leis an gceapachán ar mholadh ón Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha,Micheál Martin.

I mí Bealtaine seo caite chinn an Rialtas anseo aitheantas a thabhairt don Phailistín mar stát.

Ag deireadh Mheán Fómhair bunaíodh caidreamh taighleoireachta go foirmeálta idir Éirinn agus an Phailistín.

Ciallaíonn ceapachán an lae inniu go bhfuil aitheantas iomlán ambasadóra ag an bPailistín in Éirinn faoi Choinbhinsiún na Víne.

Sa Dáil inniu d'iarr an freasúra arís ar an Rialtas a chinntiú go ndéantar dlí an tseachtain seo do Bhille na gCríocha faoi Fhorghabháil.