I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath fuarthas an t-iar imreoir idirnáisiúnta rugbaí, Brendan Mullin ciontach i lear mór airgid a ghoid ó bhanc príobháideach breis is 10 mbliana ó shin.
Dúradh go raibh suas le €570,000 i gceist agus gur ghoid Mullin an t-airgead ó bhanc príobháideach le Banc na hÉireann ag tréimhsí éagsúla idir 2011 agus 2013.
Bhí 5 chúis eile tugtha ina choinne freisin i dtaca le cuntasaíocht bhréige.
Bhí Mullin ina bhainisteoir stiúrtha ar an mbanc ag an am.
14 cúis ar fad a bhí i gcoinne Mullin, ciontaíodh é i 12 díobh.
Bhí sé ag séanadh na gcúiseanna ar fad ina leith.
Socrófar dáta an tseachtain seo chugainn i dtaca le píonós a ghearradh ar Brendan Mullin.
61 bliain d'aois atá Brendan Mullin a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar Stígh Lorgain,Domhnach Broc i ndesiceart Bhaile Átha Cliath.
Bhain sé cáil amach sna ochtóidí mar imreoir rugbaí ar fhoireann na hÉireann.