skip to main content

Fógra oifigiúil Iosrael go bhfuil an socrú fóirithinte atá ann le leithchéad bliain "ar neamhní"

Cailín beag ag cuartú sa smionagar tar éis ionsaí ó Arm Iosrael ar Beit Lahia
Cailín beag ag cuartú sa smionagar tar éis ionsaí ó Arm Iosrael ar Beit Lahia

Tá fógra oifigiúil curtha ag Iosrael chuig na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad tar éis a chur ar neamhní an socrú atá ann le leithchéad bliain faoina gcuireann an pobal idirnáisiúnta fóirithint chuig teifigh de chuid na Palaistíne atá díbeartha as a dtír féin ó bunaíodh Iosrael tar éis an Dara Cogaidh Domhanda.

Cuid den léirscrios i Beit Lahia, Tuaisceart Ghaza

An tseachtain seo caite a ritheadh reachtaíocht san Knesset ag cur cosc ar UNRWA feidhmiú in Iosrael agus ag cur cosc ar údaráis in Iosrael comhoibriú leis an eagraíocht atá ag cuidiú le bia agus oideachas a chur ar fáil do na milliúin Palaistíneach i nGaza agus ar an mBruach Thiar.

"Cuid den fhadhb agus ní cuid den leigheas i gCaolas Gaza iad UNWRA. Bhí baint ag cuid den dream atá fostaithe ag UNWRA le sléacht an 7ú Deireadh Fómhair 2023, agus is feidhmeannaigh de chuid Hamas go leor den dream atá fostaithe ag UNWRA" a deir Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael, Israel Katz.

Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael

Níl ghlacann an tAire a deir sé leo siúd a deir gur measa go mór anois a bheidh cás na bPalaistíneach, agus gur mó dá bharr an chontúirt d'Iosrael, mar go ndeir sé nach bhfuil UNRWA bainteach "ach le 13% den chuidiú fóirithinte atá á chur ar fáil i nGaza."

Deir sé go gcuideoidh Iosrael le "iarrachtaí fóirithinte eagrais eile seachas UNRWA."

Deir saineolaithe fóirithinte agus an meitheal atá ag obair sna Críocha Gafa go mbuailfear sibhialtaigh go tubaisteach, agus deir siad freisin go bhfuil imní mhór ar lucht oibre UNRWA ar an mBruach Thiar nach mbeidh siad in ann taisteal go sábháilte sa bPalaistín, ná taisteal go dtí Iarúsailéim Thiar nó go hIosrael, mar nach mbeidh aon teagmháil faoi chomhordú feasta idir iad agus Arm Iosrael.

Ag bailiú uisce i gCathair Ghaza

Idir an dá linn tá 31 duine maraithe, gasúir ina measc, ag ionsaithe ón aer i nGaza ó inné ar thithe cónaithe i gCathair Ghaza, i mbaile Beit Lahiya agus in ionad teifeach Jabalia a deir dochtúirí.

D’ionsaigh tancanna Ospidéal Kamal Adwan freisin a deir lucht leighis.

Deir Stiúrthóir an Ospidéil Hussam Abu Safiya gur déanadh an t-ionsaí achar gearr tar éis do thoscaireacht ón Eagraíocht Shláinte Domhanda a bheith ar cuairt ar an ospidéal le roinnt de na hothair a aistriú go sábháilte amach as.

Deir an Stiúrthóir gur hionsaíodh an stóras uisce, an clós agus an t-aonad dianchúraim do pháistí nuabheirthe.

Ó thuaidh is measa a bhí an marú, ceantar atá faoi dhian-ionsaí ag Iosrael le mí anuas, feachtas a deir siad lena bhfuil fanta de Hamas a thachtadh.

Arú inné sheol Arm Iosrael rannán úr saighdiúirí go Jabalia i dteannta an 2 chathlán atá ann. Deir an tArm go bhfuil "na céadta míleatach Hamas" maraithe acu "i gcathanna" ó thug siad faoin ruathar nua an 5ú Deireadh Fómhair.

"Díothú eitneach" atá ar bun a deir Palaistínigh faoin tuairteáil ón aer agus ar an talamh.

Polasaí atá ann ag Arm agus ag Rialtas Iosrael a deir daoine san áit le limistéar leathan i dTuaisceart Ghaza ina bhfuil 2 bhaile mór agus oll-champa teifeach a fholmhú agus "a ghlanadh" le crios eadrána a chruthú idir saighdiúirí Iosrael agus Deisceart na Liobáine, ceantar ina bhfuil Hezbollah i gceannas.

An feachtas in aghaidh polio in ionad sláinte arú inné i dTuaisceart Ghaza

Dúirt an Roinn Sláinte i nGaza ar ball go bhfuil an feachtas vacsaíniú in aghaidh polio i ngasúir bheaga á chur ó mhaith ag Arm Iosrael i Jabalia, i Beit Lahiya agus i Beit Hanoun.

Dúirt an Eagraíocht Shláinte Dhomhanda (an WHO) gur gortaíodh 4 páiste nuair a d’ionsaigh an tArm ionad sláinte a bhí i mbun vacsaíniú le linn sos sealadach san gcogaíocht a bhí aontaithe ag cách.

Dúirt ceannasaí an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh meitheal de chuid an WHO ar an láthair ag an am, agus dúirt sé gurbh é an tortha a bheadh ar ionsaithe dá leithéid go gcoinneodh tuismitheoirí a gclann amach ó ionaid sláinte, rud a d'fhágadh nach bhfaigheadh siad an chosaint in aghaidh polio.

Dúirt Arm Iosrael go raibh siad "ag fiosrú na dtuairiscí."